Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 1:18-28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. Dhealraigh na fleascanna bheith an-mhór nuair a d'fhéach mé orthu agus bhí súile sna fleascanna thart timpeall.

19. Nuair a ghluaiseadh na hainmhithe ghluaiseadh na rothaí lena n‑ais; agus nuair a d'éiríodh na hainmhithe ón talamh d'éiríodh na rothaí ón talamh.

20. Aon áit a dtéadh an spiorad théidís-sean, agus d'éiríodh na rothaí leo de bhrí go raibh spiorad na n‑ainmhithe sna rothaí.

21. Nuair a ghluaiseadh na hainmhithe ghluaisidís-sean, nuair a stadaidís stadaidís-sean, nuair a d'éiridís ón talamh d'éiríodh na rothaí mar aon leo, de bhrí go raibh spiorad na n‑ainmhithe sna rothaí.

22. Os cionn chloigne na n‑ainmhithe bhí mar a bheadh firmimint ann, ag soilsiú mar chriostal, agus é ag déanamh stua os a gcionn.

23. Faoin bhfirmimint seo bhí a sciatháin spréite amach i dtreo a chéile agus bhí dhá sciathán ag gach ainmhí ag clúdach a choirp.

24. Ag imeacht dóibh, chuala mé fuaim a sciathán amhail coipeadh uiscí, amhail glór an Uilechumhachtaigh, torann clampair amhail torann slua. Ar stad dóibh, lig siad a sciatháin síos,

25. agus bhí gleo ann (os cionn na firmiminte, lastuas dá gcloigne; ar stad dóibh, lig siad a sciatháin síos).

26. Os cionn na firmiminte thuas bhí mar a bheadh ríchathaoir ann cosúil le saifír, agus ina shuí os cionn na ríchathaoireach seo bhí neach i gcosúlacht fir.

27. In airde ó chosúlacht a leasraigh bhí mar a bheadh prás ag drithliú, cosúil le tine faoi iamh mórthimpeall; agus anuas ó chosúlacht a leasraigh chonaic mé mar a bheadh tine agus drithliú mórthimpeall.

28. An drithliú seo mórthimpeall bhí sé amhail an bogha a bhíonn sa néal lá báistí. Sin mar a dhealraigh glóir an Tiarna. Agus ar a feiceáil dom shléacht mé go talamh agus chuala mé guth ag caint.

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 1