11. Sin mar a bhí a n‑aghaidheanna. Bhí a sciatháin spréite suas; dhá sciathán ag gach ainmhí a theagmhaigh lena chéile agus dhá sciathán a chlúdaigh a chorp.
12. Chuaigh siad go léir díreach rompu aon áit ar thiomáin an spiorad iad, gan claonadh óna gcúrsa.
13. Istigh i measc na n‑ainmhithe bhí rud éigin a raibh cosúlacht aibhleog air, nó cosúlacht tóirsí ag preabadh anonn agus anall idir na hainmhithe; ba gheal í an tine agus tintreach ag scalladh aisti.
14. Agus phreab na hainmhithe anonn agus anall amhail splanc thintrí.
15. D'amharc mé ar na hainmhithe: bhí roth ar an talamh le hais gach ainmhí acu, roth amháin le hais gach ainmhí faoi leith den cheathrar.
16. Maidir le cuma na rothaí agus a ndéanamh bhí a gcuma mar dhrithliú criosailít. Bhí an chuma chéanna ar an gceathrar agus iad déanta mar a bheadh roth amháin i lár rotha eile.
17. Ag gluaiseacht dóibh d'imigh siad i dtreo aon cheann de cheithre aird gan claonadh óna gcúrsa.
18. Dhealraigh na fleascanna bheith an-mhór nuair a d'fhéach mé orthu agus bhí súile sna fleascanna thart timpeall.
19. Nuair a ghluaiseadh na hainmhithe ghluaiseadh na rothaí lena n‑ais; agus nuair a d'éiríodh na hainmhithe ón talamh d'éiríodh na rothaí ón talamh.
20. Aon áit a dtéadh an spiorad théidís-sean, agus d'éiríodh na rothaí leo de bhrí go raibh spiorad na n‑ainmhithe sna rothaí.