Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 1:1-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Sa tríochadú bliain, ar an gcúigiú lá den cheathrú mí, nuair a bhí mé i measc na ndeoraithe ar bhruach na habhann Ceabár, d'oscail na flaithis agus chonaic mé físeanna ó Dhia.

2. Ar an gcúigiú lá den mhí - ba í sin an cúigiú bliain a chaith Iahóiácaím rí ar deoraíocht

3. tháinig briathar an Tiarna chuig Eizicéil sagart, mac Bhúizí, i dtír na gCaildéach ar bhruach na habhann Ceabár. Ba ansin a tháinig lámh an Tiarna orm.

4. D'amharc mé uaim. Bhí stoirm ghaoithe ag séideadh aduaidh, néal mór agus solas uime, tine ag spréacharnach gan stad, agus i lár na tine mar a bheadh prás ag drithliú.

5. I lár báire chonaic mé mar a bheadh ceithre ainmhí ann agus an chuma seo a leanas orthu: bhí déanamh duine orthu,

6. ceithre aghaidh ar gach aon cheann acu agus ceithre sciathán ar gach aon cheann.

7. Bhí a gcosa díreach agus a gcrúba mar a bheadh crúba gamhna ann, ag drithliú mar phrás snasta.

8. Faoina sciatháin ar na ceithre thaobh bhí lámha duine acu. Bhí a n‑aghaidheanna agus a sciatháin ag an gceathrar mar seo:

9. theagmhaigh a sciatháin lena chéile; ghluais gach ceann acu caol díreach roimhe gan claonadh óna chúrsa.

10. Maidir le cuma a n‑aghaidheanna bhí aghaidh duine ag gach ceann acu ar tosach, bhí aghaidh leoin ag an gceathrar ar dheis, aghaidh tairbh ag an gceathrar ar chlé agus aghaidh iolair ag an gceathrar ar chúl.

11. Sin mar a bhí a n‑aghaidheanna. Bhí a sciatháin spréite suas; dhá sciathán ag gach ainmhí a theagmhaigh lena chéile agus dhá sciathán a chlúdaigh a chorp.

12. Chuaigh siad go léir díreach rompu aon áit ar thiomáin an spiorad iad, gan claonadh óna gcúrsa.

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 1