Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eistir (Gr) 4:17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

D'imigh Mordacaí leis ansin agus rinne de réir treoracha uile Eistir. 17a Ansin thug Mordacaí chun cuimhne oibreacha iontacha an Tiarna, agus chuir sé a achainí chuige á rá: 17b A Thiarna, a Thiarna, a Rí a rialaíonn an uile ní, tá an uile ní faoi do smacht, agus níl aon duine leis an bhfód a sheasamh i d'aghaidh, más toil leat Iosrael a fhuascailt. 17c Rinne tú neamh agus talamh, agus gach iontas faoin spéir. Is tú Tiarna an uile ní, agus níl aon duine le seasamh i d'aghaidh ós tú an Tiarna. 17d Is eol duit an uile ní, agus is maith is eol duit, a Thiarna, nach le barr díomais ná uabhair, ná éirí in airde, a rinne mé mar a rinne agus gur dhiúltaigh mé cromadh síos do Hámán an díomais. Óir phógfainn fiú boinn a chos le fonn, ar mhaithe le fuascailt Iosrael; 17e Ach rinne mé é seo, d'fhonn nach gcuirfinn glóir dhuine os cionn glóir Dé; Agus ní chromfaidh mé d'aon duine ach duitse, mo Thiarna, agus ní le barr díomais é. 17f Agus anois, a Thiarna Dia, A Rí, a Dhia Abrahám, caomhnaigh do phobal! óir táthar ar ár dtí lenár scriosadh, agus leis an oidhreacht a bhain leat ó thús a mhilleadh. 17g Ná déan faillí i do chuid féin, an chuid a d'fhuascail tú duit féin as tír na hÉigipte. 17h Éist le m'achainí, agus déan trócaire ar d'oidhreacht, agus déan lúcháir dár ndobrón, le go mairfimid agus go molfaimid d'ainm, a Thiarna; agus ná scrios béal na muintire a ghabhann do mholtaí. 17i Agus ghlaoigh Iosrael go léir in ard a gcinn, mar bhí an bás os comhair a súl. 17j Theith Eistir freisin faoi choimirce an Tiarna nuair a fágadh í i gcraos an bháis; bhain sí di éidí a glóire, agus chuir uimpi éidí anró agus caointe; in ionad na gcumhrán daor, chlúdaigh sí a baithis le luaithreach agus le bualtrach; bhrúigh sí a colainn go talamh, scaip sí trilisí stollta a cuid gruaige i ngach áit ina mbíodh aoibhneas agus nósmhaireacht ar fáil aici roimhe sin. Chuir sí a hachainí chun an Tiarna, Dia Iosrael, mar leanas: 17k A Thiarna, is tusa amháin is rí orainn; fóir orm óir is bean aonarach mé, gan de chabhair agam ach tusa amháin, agus táim ag dul sa bhearna bhaoil. 17l Múineadh dom ón gcliabhán, agus ar mo thinteán, go ndearna tusa, a Thiarna, Iosrael a roghnú thar na náisiúin go léir, agus ár sinsir thar na glúine go léir anallód, le bheith mar oidhreacht agat féin go brách, agus go ndearna tú leo de réir d'fhocail. 17m Ach ansin pheacaíomar i do láthair, agus thug tú i láimh ár naimhde sinn, mar gur thugamar glóir dá ndéithe. Is cóir é thú, a Thiarna. 17n Ach anois ní leor leo seirfean ár ndaoirse; ach chuir siad a lámha i lámha a n‑íol á mhionnú go scriosfaidís reacht do bhéil, agus go millfidís d'oidhreacht, go ndúnfaidís béal lucht do mholta, agus go múchfaidís glóir do thí agus d'altóra, 17o go n‑osclóidís béal na gciníocha, le híola gan mhaith a mholadh, agus rí daonna a mhóradh go brách. 17p Ná géill do shlat ríoga, a Thiarna, do dhream nach bhfuil ann ar aon chor, agus ná bímis ar lár inár n‑ábhar gáire acu. Fill a mbearta sa mhullach orthu féin agus déan sampla de cheannaire an ionsaithe seo orainn. 17q Cuimhnigh, a Thiarna, agus nocht thú féin in uain ár n‑anró. Tabhair misneach domsa, a rí na ndéithe, agus a mháistir na huilechumhachta. 17r Tabhair bua na cainte agus an bhladair dom i láthair an leoin. Athraigh an croí ann le go dtabharfaidh sé fuath dár namhaid, i dtreo go scriosfar eisean agus an mhuintir atá ar aon aigne leis. 17s Ach tabhair lámh chúnta dúinne agus fuascail sinn. Fóir orm, mar táim liom féin, gan aon duine liom, ach tusa, a Thiarna. 17t Tá fios gach ní agat, agus tá a fhios agat gur fuath liom glóir na gcoirpeach; gur gráin liom leaba an té atá gan timpeallghearradh, agus leaba gach coimhthígh. 17u Tá a fhios agat go bhfuilim faoi cheangal agus gur déistineach liom comhartha m'uaille, a bhíonn ar mo cheann agus mé i láthair na cúirte, ach nach gcaithim ar aon chor ar mo laethanta saoire, mar gur gráin liom é amhail giobal fola míosta. 17v Níor chaith mise, do bhanóglach, bia ó bhord Hámán, ná ní raibh mé mar mhaise ar fhleá an rí, ná níor ól mé fíon na n‑íobairtí doirte. 17w Agus ón lá a fuair mé ardú céime go dtí inniu féin, ní bhfuair mise, do bhanóglach, taitneamh in aon neach ach thú, a Thiarna, Dia Abrahám. 17x A Dhia, a bhfuil gach ní faoi réir do chumhachta, éist le glór na n‑éadóchasach, agus fuascail sinn ó láimh na n‑urchóideach, agus saor mé ó mo scéin.

Léigh chaibidil críochnaithe Eistir (Gr) 4

Féach ar Eistir (Gr) 4:17 i gcomhthéacs