Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eistir (Gr) 10:3 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

[Insítear freisin] go raibh Mordacaí an Giúdach i dtánaiste don rí Aisiuéaróis, ionas go raibh a ainm in airde i measc na nGiúdach, agus go raibh ardmheas air ag na sluaite dá bhráithre mar nach raibh uaidh ach leas a phobail féin agus gur síocháin dá chine go léir a chúram. 3a Agus dúirt Mordacaí: “Bhí lámh Dé sna gnóthaí sin go léir. 3b Is cuimhin liom an taibhreamh a rinneadh dom i dtaobh na nithe seo go léir, agus níl aon phioc díobh nár tháinig chun críche: 3c an tobar beag dá ndearnadh abhainn, agus solas, agus grian agus tulca uisce; Eistir an abhainn, an té a phós an rí agus a ndearna sé banríon di. 3d Hámán agus mé féin an dá dhragan. 3e Iad siúd a d'aontaigh le chéile le hainm na nGiúdach a scrios, iadsan na ciníocha. 3f Mo chinese, Iosrael, an cine aonair a ghlaoigh ar Dhia, agus a fuasclaíodh. Sea, d'fhuascail an Tiarna a phobal; shaor an Tiarna sinn ó na hurchóidí sin go léir; rinne Dia comharthaí agus éachtaí thar mar a tharla riamh i measc na gciníocha. 3g Cheap sé dhá chinniúint, aon chinniúint amháin do phobal Dé, agus malairt cinniúna do na ciníocha eile go léir. 3h Tháinig an dá chinniúint chun críche ar an uair agus ar an uain agus ar lá na breithe i láthair Dé do na ciníocha go léir. 3i Chuimhnigh Dia mar sin ar a phobal agus chosain sé a oidhreacht. 3j Beidh na laethanta seo dá bhrí sin, an ceathrú lá déag agus an cúigiú lá déag de mhí Adár, acu mar laethanta tionóil agus áthais agus aoibhnis i láthair Dé, ó ghlúin go glúin agus go brách i measc a phobail Iosrael.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eistir (Gr) 10

Féach ar Eistir (Gr) 10:3 i gcomhthéacs