Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eazrá 8:23-36 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

23. Rinneamar troscadh dá bhrí sin, á impí sin ar Dhia agus thug sé cluas dár n‑impí.

24. Thogh mé dháréag de na príomhshagairt, Séiribiá agus Haisibiá agus deichniúr dá ngaolta mar aon leo;

25. thomhais mé amach chucu an t‑airgead, an t‑ór, na soithí, agus na hofrálacha a thoirbhir an rí agus a chomhairleoirí agus a mhaithe, agus na hIosraelaigh go léir a bhí i láthair, do Theampall ár nDé.

26. Thomhais mé amach ina lámha chucu: sé chéad go leith tallann airgid, céad soitheach airgid ab fhiú [dhá thallann], céad tallann óir,

27. fiche mias óir ab fhiú míle dáireach, agus dhá áras de chré-umha mín geal a bhí chomh luachmhar le hór.

28. Dúirt mé leo: “Tá sibhse coisricthe don Tiarna; tá na soithí seo naofa; ofrálacha deonacha don Tiarna, Dia bhur sinsear, an t‑ór agus an t‑airgead.

29. Tugaigí aire dóibh agus coinnigí slán iad nó go dtomhaisfidh sibh iad i láthair na bpríomhshagart, na Léivíteach agus chinn finí Iosrael in Iarúsailéim i seomraí Theampall an Tiarna.”

30. Ghlac na sagairt agus na Léivítigh cúram an airgid, an óir agus na soithí, a tomhaiseadh, orthu féin, lena dtabhairt go Iarúsailéim go Teampall ar nDé.

31. Ar an dara lá déag den chéad mhí d'fhágamar abhainn Ahavá ar ár mbealach go Iarúsailéim; bhí gnaoi ár nDé orainn agus chosain sé ar an tslí sinn ó naimhde agus ó róbálaithe.

32. Bhaineamar amach Iarúsailéim agus d'fhanamar ann ag ligean ar scíthe ar feadh trí lá.

33. Ar an gceathrú lá tomhaiseadh an t‑ór agus an t‑airgead i dTeampall ár nDé agus tugadh iad ar a lámha do Mharaemót an sagart, mac Úiríá, agus mar aon leis bhí Eileázár mac Phíneachás; agus ina dteannta bhí na Léivítigh Iózábád mac Iéisiúa agus Nóaidiá mac Bhionúi.

34. Bhí an t‑iomlán ann idir líon agus mheáchan. Breacadh meáchan gach ní ar phár.

35. Um an dtaca sin rinne an mhuintir a d'fhill ón mbraighdeanas, na deoraithe go léir a d'fhill, íobairtí uileloiscthe a ofráil do Dhia Iosrael, dhá tharbh déag thar ceann Iosrael go léir, nócha sé reithe, seachtó seacht uan, agus, mar ofráil pheaca, dhá phocán déag; ofráladh an t‑iomlán mar íobairt uileloiscthe don Tiarna.

36. Cuireadh na treoracha a thug an rí in iúl d'fheidhmeannaigh an rí agus do ghobharnóirí an chúige thar Eofrataes, agus ansin thugadarsan cabhair don phobal agus do Theampall an Tiarna.

Léigh chaibidil críochnaithe Eazrá 8