Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eazrá 8:15-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Chruinnigh mé iad go bruach na habhann a shníonn go hAhavá agus shuíomar campa ansiúd ar feadh trí lá. Rinne mé iniúchadh orthu agus chonaic mé tuataí agus sagairt ina measc, ach gan aon Léivítigh.

16. Chuir mé Eilíeizir, Airíéil, Seamaiá, Ealnátán, Iáiríb, Ealnátán, Nátán, Zacairiá agus Misiulám, dream tuisceanach -

17. agus sheol mé iad go hIdeo ceannasaí shanctóir Chásaifiá; d'inis mé dóibh an teachtaireacht a bhí le tabhairt acu do Ideo agus dá bhráithre a bhí ag cur fúthu i sanctóir Chásaifiá .i. searbhóntaí a sholáthar dúinn do Theampall ár nDé.

18. Ansin, a bhuí le gnaoi ár nDé a bhí orainn, chuir siad chugainn fear éirimiúil, de chlann Mhailí mhic Léiví mhic Iosrael, Séiribiá lena chlann mhac agus lena ghaolta, ochtar déag ar fad;

19. agus Haisibiá chomh maith agus Isiá ina theannta de chlann mhac Mharáraí, agus a gclann mhac - fiche fear;

20. agus seachas sin dhá chéad agus a fiche tíolacthach de na tíolacthaigh a cheap Dáiví agus a fheidhmeannaigh le freastal ar na Léivítigh. Cláraíodh an mhuintir sin go léir ó ainm.

21. D'fhógair mé troscadh ansiúd, ansiúd cois abhann Ahavá, d'fhonn go ndéanfaimis sinn féin a umhlú os comhair ar nDé agus go n‑iarrfaimis air go n‑éireodh ár mbóthar linn féin, lenár gclann agus lenár maoin.

22. Óir ba leasc liom cuideachta saighdiúirí agus marcshlua a lorg ar an rí le sinn a chosaint ón namhaid ar an tslí mar bhí sé ráite cheana féin againn leis an rí: “Tá láimh ar nDé leata mar sciath chosanta ar cách a lorgann é, agus a neart agus a fhearg ar chách a thugann cúl leis.”

23. Rinneamar troscadh dá bhrí sin, á impí sin ar Dhia agus thug sé cluas dár n‑impí.

24. Thogh mé dháréag de na príomhshagairt, Séiribiá agus Haisibiá agus deichniúr dá ngaolta mar aon leo;

25. thomhais mé amach chucu an t‑airgead, an t‑ór, na soithí, agus na hofrálacha a thoirbhir an rí agus a chomhairleoirí agus a mhaithe, agus na hIosraelaigh go léir a bhí i láthair, do Theampall ár nDé.

26. Thomhais mé amach ina lámha chucu: sé chéad go leith tallann airgid, céad soitheach airgid ab fhiú [dhá thallann], céad tallann óir,

27. fiche mias óir ab fhiú míle dáireach, agus dhá áras de chré-umha mín geal a bhí chomh luachmhar le hór.

Léigh chaibidil críochnaithe Eazrá 8