Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eazrá 7:21-28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

21. Agus mise, Artaxarxaes rí, tugaim an t‑ordú seo do chisteoirí uile an chúige thar Eofrataes: Cibé rud a iarrfaidh Eazrá, scríobhaí dhlí Dhia neimhe, ceadaigí é ar an toirt,

22. gan agaibh mar theorainn ach céad tallann airgid, céad tomhas cruithneachta, céad dabhach fíona, céad dabhach ola, agus an oiread salainn agus a éilítear.

23. Ní foláir gach a n‑ordaíonn Dia neimhe a chur i gcrích le díograis ar mhaithe le Teampall Dhia neimhe, le heagla go dtiocfadh fraoch a fheirge ar ríocht an rí agus a mhac.

24. Bíodh a fhios agaibh chomh maith go bhfuil cosc ar cháin nó custaim nó táillí a leagan ar shagairt nó ar Léivítigh, ar chantairí nó ar ghardaí geata, ar thíolacthaigh nó ar shearbhóntaí Theampall Dé.

25. Agus maidir leatsa, a Eazrá, de réir eagna do Dhé atá i do sheilbh, ceap scríobhaithe agus breithiúna a riarfaidh an chóir ar mhuintir uile an chúige thar Eofrataes, orthu siúd go léir is é sin arb eol dóibh dlí do Dhé; an mhuintir nach eol dóibh é, déan é a theagasc dóibh.

26. Má dhiúltaíonn aon duine do dhlí do Dhé - agus is é sin leis dlí an rí - cuirtear an daorbhreith i bhfeidhm air go dian - bás nó ionnarbadh, gabháil maoine nó carcair.

27. Moladh leis an Tiarna, Dia ár sinsear, a spreag croí an rí ar an gcuma sin chun Teampall an Tiarna in Iarúsailéim a mhóradh,

28. agus a ghnóthaigh domsa gnaoi an rí agus a chomhairleoirí agus feidhmeannach róchumhachtach an rí. Tháinig misneach orm féin mar go raibh gnaoi an Tiarna mo Dhia orm, agus chruinnigh mé ceannairí Iosrael le chéile le dul suas in éineacht liom.

Léigh chaibidil críochnaithe Eazrá 7