Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eazrá 7:2-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. mac Shealúm, mac Zádóc, mac Aichítiúb,

3. mac Amairiá, mac Mharáiót,

4. mac Zarachiá, mac Uizí, mac Bhucaí,

5. mac Aibíosúa, mac Phíneachás, mac Eileázár, mac Árón, an t‑ardsagart -

6. ghabh an fear seo Eazrá suas ón mBablóin. Ba scríobhaí é a bhí oilte ar dhlí Mhaois, an dlí a thug an Tiarna, Dia Iosrael. Thug an rí dó gach ar iarr sé mar bhí gnaoi a Dhé, an Tiarna, air go tréan.

7. Chuaigh líon áirithe Iosraelach, sagairt, Léivítigh, cantairí, gardaí geata, agus tíolacthaigh suas go Iarúsailéim sa seachtú bliain de réimeas Artaxarxaes rí.

8. Tháinig sé siúd go Iarúsailéim ar an gcúigiú mí; ba í an seachtú bliain de réimeas an rí í,

9. mar bheartaigh seisean imeacht ón mBablóin ar an gcéad lá den chéad mhí, agus shroich sé Iarúsailéim ar an gcéad lá den chúigiú mí; bhí lámh chneasta a Dhé leis go dearfa.

10. Óir bhí Eazrá luite ó chroí le staidéar a dhéanamh ar dhlí an Tiarna agus lena chleachtadh, agus lena aitheanta agus a fhorálacha a theagasc d'Iosrael.

11. Seo cóip den cháipéis a thug Artaxarxaes rí d'Eazrá an sagart agus an scríobhaí a bhí oilte go sainiúil ar théacs aitheanta an Tiarna agus ar a dhlíthe ag baint le hIosrael.

12. Artaxarxaes, rí na ríthe, don sagart Eazrá, scríobhaí dhlí Dé neimhe, [síoth agus síocháin!].

Léigh chaibidil críochnaithe Eazrá 7