Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eazrá 7:12-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Artaxarxaes, rí na ríthe, don sagart Eazrá, scríobhaí dhlí Dé neimhe, [síoth agus síocháin!].

13. Seo iad m'orduithe: aon duine i mo ríocht de phobal Iosrael, dá sagairt nó dá Léivítigh, a roghnóidh dá thoil féin, dul suas go Iarúsailéim, níl a bhac air dul leat.

14. Óir tá tusa do do sheoladh ag an rí agus ag a sheachtar comhairleoirí le hiniúchadh a dhéanamh ar Iúdá agus ar Iarúsailéim de réir dhlí do Dhé atá i do sheilbh,

15. agus freisin leis an airgead agus leis an ór a bhreith leat, a d'ofráil an rí agus a chomhairleoirí go deonach do Dhia Iosrael, atá ag cur faoi in Iarúsailéim,

16. agus chomh maith céanna a bhfaighidh tú d'airgead agus d'ór i gcúige na Bablóine go léir, mar aon leis na hofrálacha deonacha a rinne an pobal agus na sagairt do Theampall bhur nDé atá in Iarúsailéim.

17. Leis an airgead seo ceannaigh go fonnmhar, tairbh, reithí agus uain agus na habhlanna agus na hofrálacha dí a ghabhann leo; agus íobair iad ar altóir Theampall do Dhé atá in Iarúsailéim.

18. An fearasbarr óir agus airgid, caith é mar is áil leat féin agus le do bhráithre de réir thoil do Dhé.

19. Leag na soithí a tugadh duit i gcomhair seirbhís Theampall do Dhé i bhfianaise do Dhé in Iarúsailéim.

20. Aon rud eile a bhíonn de dhíth ar Theampall do Dhé, a tharlóidh a bheidh á chur ar fáil agat, déan é a sholáthar le cabhair chiste an rí.

21. Agus mise, Artaxarxaes rí, tugaim an t‑ordú seo do chisteoirí uile an chúige thar Eofrataes: Cibé rud a iarrfaidh Eazrá, scríobhaí dhlí Dhia neimhe, ceadaigí é ar an toirt,

22. gan agaibh mar theorainn ach céad tallann airgid, céad tomhas cruithneachta, céad dabhach fíona, céad dabhach ola, agus an oiread salainn agus a éilítear.

23. Ní foláir gach a n‑ordaíonn Dia neimhe a chur i gcrích le díograis ar mhaithe le Teampall Dhia neimhe, le heagla go dtiocfadh fraoch a fheirge ar ríocht an rí agus a mhac.

24. Bíodh a fhios agaibh chomh maith go bhfuil cosc ar cháin nó custaim nó táillí a leagan ar shagairt nó ar Léivítigh, ar chantairí nó ar ghardaí geata, ar thíolacthaigh nó ar shearbhóntaí Theampall Dé.

25. Agus maidir leatsa, a Eazrá, de réir eagna do Dhé atá i do sheilbh, ceap scríobhaithe agus breithiúna a riarfaidh an chóir ar mhuintir uile an chúige thar Eofrataes, orthu siúd go léir is é sin arb eol dóibh dlí do Dhé; an mhuintir nach eol dóibh é, déan é a theagasc dóibh.

Léigh chaibidil críochnaithe Eazrá 7