Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eazrá 6:1-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ar ordú an rí Dáire rinneadh cuardach sna cartlanna sa Bhablóin mar a raibh na cáipéisí i dtaisce;

2. agus fuarthas in Eacbatana, an dúnfort i gcúige na Méide, scrolla ar a raibh scríofa: “Cuntas:

3. Sa chéad bhliain de réimeas an rí Cíoras, thug Cíoras rí forógra: Teampall Dé in Iarúsailéim: Déantar an Teampall a atógáil mar áit ina n‑ofrálfar íobairtí agus ina dtabharfar ofrálacha [le dó]. Bíodh sé trí fichid banlámh ar fad agus trí fichid banlámh ar leithead.

4. Bíodh trí chúrsa de gharbhóga cloch ann, agus cúrsa adhmaid; íoctar an costas as ciste an rí.

5. Na soithí óir agus airgid, le Teampall Dé, a thóg Nabúcadnazar ón sanctóir in Iarúsailéim, agus a thug sé leis go dtí an Bhablóin, tugtar ar ais iad, i dtreo go ndéanfar gach ní a thabhairt ar ais go dtí an sanctóir in Iarúsailéim agus go gcuirfear isteach i dTeampall Dé arís iad.”

6. “Uime sin, a Thatanai, gobharnóir an chúige thar Eofrataes, a Sheatar Bózanaí agus sibhse a chomhghleacaithe leo, a fheidhmeannacha an chúige thar Eofrataes, imígí ón áit sin,

7. fágaigí faoi ghobharnóir Iúdá agus faoi sheanóirí na nGiúdach Teampall seo Dé a atógáil ar a sheanláthair.

8. Agus tugaim foláireamh daoibh gur mar seo a chúideoidh sibh le seanóirí na nGiúdach Teampall seo Dé a atógáil: díoltar an costas go hiomlán gan mhoill leis na fir seo as an gcáin ríoga, is é sin, as cíos an chúige thar Eofrataes.

Léigh chaibidil críochnaithe Eazrá 6