Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eazrá 5:2-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Ansin thosaigh Zarubáibil mac Sheailtíéil agus Iéisiúa mac Iózádác ar Theampall Dé in Iarúsailéim a thógáil; bhí fáithe Dé in éineacht leo ag tabhairt misnigh dóibh.

3. Ansin is ea a tháinig Tatanaí, gobharnóir an chúige thar Eofrataes, agus Seatar Bózanaí agus a gcomhghleacaithe chucu agus cheistíodar iad: “Cé thug údarás daoibh an Teampall seo a thógáil agus an tsaoireacht seo a dhéanamh?”

4. Chuireadar ceist orthu chomh maith: “Cad is ainm don mhuintir atá i mbun na tógála seo?”

5. Ach bhí súile a nDé dírithe ar sheanóirí na nGiúdach agus níor chuir siad cosc leo nó go gcuirfí tuairisc go Dáire agus go dtiocfadh freagra oifigiúil ar ais i litir uaidh i dtaobh an ghnó.

6. Cóip den litir a chuir Tatanaí, gobharnóir an chúige thar Eofrataes agus Seatar Bózanaí agus a chomhghleacaithe, na feidhmeannaigh sa chúige thar Eofrataes, go dtí Dáire rí:

7. chuireadar tuairisc chuige a ghabh mar leanas:Do Dháire rí! Síocháin!

8. Bíodh a fhios ag an rí go ndeachamar go críocha Iúdá, go Teampall Dé Mhóir; tá sé á thógáil de gharbhóga móra cloch, agus tá síleáil d'adhmad á cur leis na ballaí; tá an obair á déanamh le barr cáiréise, agus tá sí ag dul chun cinn le fuinneamh a ngéag.

9. Chuireamar ceist ar na seanóirí: “Cé a thug údarás daoibh an Teampall seo a thógail agus an tsaoireacht seo a dhéanamh?”

10. D'fhiafraíomar díobh freisin cad ab ainm dóibh le go mbeadh a fhios agat; ar an tslí sin d'éirigh linn liosta a dhéanamh den mhuintir atá ag maoirseacht ar an muintir sin.

Léigh chaibidil críochnaithe Eazrá 5