Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eazrá 5:12-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Ach chuir ár sinsir fearg ar Dhia neimhe agus thug seisean ar láimh iad do Nabúcadnazar an Caildéach, rí na Bablóine, agus scrios seisean an Teampall agus rinne sé na daoine a ionnarbadh go dtí an Bhablóin.

13. Sa chéad bhliain de réimeas Chíorais, ámh, rinne Cíoras rí forógra an Teampall seo Dé a atógáil.

14. Agus na soithí óir agus airgid le Teampall Dé a thóg Nabúcadnazar ón Teampall in Iarúsailéim agus a thug sé leis go dtí an teampall sa Bhablóin, thóg Cíoras rí iad ón teampall sa Bhablóin agus thug ar ais iad do dhuine darbh ainm Séisbeazar, fear a cheap sé ina ghobarnóir.

15. Dúirt sé leis: ‘Tóg na soithí seo; tabhair ar ais iad don sanctóir in Iarúsailéim agus tógtar Teampall an Tiarna ar a láthair bhunaidh.’

16. Tháinig an Séisbeazar céanna dá bhrí sin agus leag sé clocha boinn Theampall Dé in Iarúsailéim; tá sé á thógáil acu riamh ó shin, ach níl deireadh déanta fós.”

17. Déantar, dá bhrí sin, le cead an rí, cuardach i gcartlanna an rí sa Bhablóin, féachaint an fíor é gur eisíodh forógra ó Chíoras rí an Teampall seo Dé in Iarúsailéim a atógáil. Cuireadh an rí a thoil in iúl dúinn i dtaobh an ghnó seo.

Léigh chaibidil críochnaithe Eazrá 5