Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eazrá 5:1-3 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ansin chrom na fáithe Hagaí agus Zacairiá mac Ideo ar fháidheoireacht do na Giúdaigh a bhí in Iúdá agus Iarúsailéim in ainm Dhia Iosrael a bhí ina dteannta.

2. Ansin thosaigh Zarubáibil mac Sheailtíéil agus Iéisiúa mac Iózádác ar Theampall Dé in Iarúsailéim a thógáil; bhí fáithe Dé in éineacht leo ag tabhairt misnigh dóibh.

3. Ansin is ea a tháinig Tatanaí, gobharnóir an chúige thar Eofrataes, agus Seatar Bózanaí agus a gcomhghleacaithe chucu agus cheistíodar iad: “Cé thug údarás daoibh an Teampall seo a thógáil agus an tsaoireacht seo a dhéanamh?”

Léigh chaibidil críochnaithe Eazrá 5