Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eazrá 4:1-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Nuair a chuala naimhde Iúdá agus Bhiniáimin go raibh Teampall á thógáil, ag na deoraithe a d'fhill, don Tiarna, Dia Iosrael,

2. tháinig siad go Zarubáibil [agus go Iéisiúa] agus go cinn na bhfiní, agus dúirt siad: “Ba mhaith linn tógáil in bhur dteannta, mar adhraimid bhur nDia bhur ndála féin, agus tá íobairt á déanamh againn chuige ó aimsir Éasar Hadón rí na hAsaíre a thug anseo sinn.”

3. D'fhreagair Zarubáibil, Iéisiúa, agus na cinn finí eile Iosraelacha iad: “Ní cóir go rachadh sibhse i bpáirt linn ag tógáil Teampaill dár nDia; dúinne amháin is dual dul i mbun tógála don Tiarna, Dia Iosrael, faoi mar a d'ordaigh Cíoras rí na Peirse dúinn.”

4. Ansin chrom muintir na tuaithe ar mhuintir Iúdá a chur óna thuilleadh tógála a dhéanamh trí dhrochmhisneach agus eagla a chur orthu.

5. Mhealladar comhairleoirí le cur ina gcoinne agus lena gcur dá dtreoir. Mar sin a bhí an scéal le linn réimeas Chíorais rí na Peirse, agus anuas go dtí réimeas Dháire rí na Peirse.

6. I dtús réimeas Zearxaes rinne siad gearán scríofa in aghaidh áitritheoirí Iúdá agus Iarúsailéim.

7. Le linn Artaxarxaes, scríobh Mitreadát, Tábael agus a gcomhghleacaithe eile litir ghearáin [in aghaidh Iarúsailéim] go hArtaxarxaes rí na Peirse. Bhí téacs na litreach san Aramais agus in aibítir na hAramaise.

8. Ansin scríobh Rachúm an rialtóir agus Simseai an rúnaí an litir seo leanas go hArtaxarxaes ag gearán faoi Iarúsailéim -

9. Rachúm an rialtóir, Simseai an rúnaí, a gcomhghleacaithe eile, na breithiúna, na gobharnóirí, na feidhmeannaigh Pheirseacha, muintir Uruc, agus na Bablóine agus Shúsa - na hÉalámaigh is é sin -

10. agus na dreamanna eile a sheol Asurbanapal Mór amach agus a bhunaigh sé sa tSamáir agus sa chúige thar Eofrataes.

11. Seo cóip den litir a sheoladar:D'Artaxarxaes rí, beatha agus sláinte ó do shearbhóntaí ón gcúige thar Eofrataes: Sa mhéid

12. gur chóir faisnéis a thabhairt don rí go bhfuil na Giúdaigh a tháinig aníos ó do thírse go Iarúsailéim ag tógáil na cathrach ceannairce agus urchóide úd, agus ar a ndícheall ag cóiriú na mballaí agus go bhfuil na clocha boinn deisithe cheana féin;

Léigh chaibidil críochnaithe Eazrá 4