Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eazrá 3:4-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Rinne siad féile na dTaibearnacal a cheiliúradh de réir mar atá scríofa leis an líon íobairtí dóite laethúil atá ceaptha ag an reacht le haghaidh an lae;

5. i dteannta na síoríobartha uileloiscthe, d'ofráil siad na híobairtí ceaptha [do na sabóidí], d'fhéilte na ré nua, agus do na sollúntais atá naofa don Tiarna, agus na híobairtí deonacha a bhí á ndéanamh ag daoine ar leith don Tiarna.

6. Ón gcéad lá den seachtú mí chrom siad ar íobairtí loiscthe a ofráil don Tiarna. Ach bhí bunchloch shanctóir an Tiarna fós gan leagan.

7. Ansin thug siad airgead do na saoir chloiche agus admhaid; thug siad bia, deoch agus ola do na Suídónaigh agus do na Tuírigh, le go dtabharfaidís adhmad céadair ón Liobáin ar muir go Iopa, rud a bhí ceadaithe dóibh ag Cíoras rí na Peirse.

8. Ba sa dara mí den dara bliain tar éis dóibh teacht go Teampall Dé in Iarúsailéim a chrom Zarubáibil mac Sheailtíéil agus Iéisiúa mac Iózádác ar an obair leis an gcuid eile dá mbráithre, na sagairt, na Léivítigh agus an mhuintir go léir a d'fhill ar Iarúsailéim ón deoraíocht. Cheap siad na Léivítigh a bhí fiche bliain d'aois nó os a chionn i bhfeighil na hoibre ar Theampall an Tiarna.

9. D'aontaigh Iéisiúa agus a chlann mhac agus a bhráithre, mar aon le Caidmíéil, [Bionúi agus Hódavá], dul i bhfeighil na muintire a bhí ag obair ar Theampall an Tiarna.

10. Nuair a bhí bunchloch shanctóir an Tiarna leagtha ag na saoir, tháinig na sagairt in éidí míne lín le stoic, agus na Léivítigh, clann Ásáf, le ciombail, d'fhonn an Tiarna a mholadh de réir reachtanna Dháiví rí Iosrael.

11. Mhol siad agus mhóraigh siad an Tiarna, “Óir is maith é, agus is seasmhach go deo é a bhuanghrá d'Iosrael.” Agus chan an pobal go léir moltaí an Tiarna in ard a gcinn is a ngutha mar go raibh buncloch Theampall an Tiarna leagtha.

12. A lán de na sagairt agus de na Léivítigh agus de na cinn finí, an seandream a chonaic lena súile cinn an Teampall [eile roimhe seo ar a mháithreacha] ghoil siad go hard ach chuir mórán eile na gártha áthais suas.

13. Níorbh fhéidir leis an bpobal na gártha áthais a aithint ó gháir na lógóireachta, mar chuir an pobal gáir chomh hard suas gur chualathas i bhfad ó bhaile í.

Léigh chaibidil críochnaithe Eazrá 3