Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 9:15-34 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Oir b'fhéidir dom mo lámh a shíneadh agus tusa agus do mhuintir a bhualadh le plá agus tú a scrios de dhroim na talún.

16. Ach is chuige seo a lig mé duit maireachtáil: chun mo chumhacht a thaispeáint duit i dtreo go bhfoilseofaí m'ainm os comhair an tsaoil.

17. Tá tú go teanntásach fós le mo phobal agus ní áil leat scaoileadh leo.

18. Féach! um an dtaca seo amárach seolfaidh mé clochshneachta anuas ar an talamh chomh tiubh sin nach raibh a leithéid riamh san Éigipt ón lá a bunaíodh í go dtí inniú féin.

19. Cuir do theachtairí uait láithreach agus cruinnigh isteach slán faoi dhíon d'eallach agus a bhfuil ar na bánta agat; óir gach duine agus gach ainmhí a bheidh lasmuigh gan é a thabhairt isteach abhaile, titfidh an clochshneachta orthu agus caillfear iad.’ ”

20. An dream i measc shearbhóntaí Fhorainn a raibh eagla orthu roimh bhagairt an Tiarna, thugadar a stoc agus a ndaoir isteach sna tithe;

21. ach an dream nár thug aon aird ar bhagairt an Tiarna, d'fhágadar a ndaoir agus a stoc amuigh.

22. Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Sín do lámh i dtreo neimhe i dtreo go dtitfidh clochshneachta ar fud chríocha na hÉigipte, ar na daoine, ar na beithígh agus ar a bhfuil de ghlasraí ag fás san ithir ar fud thír na hÉigipte.”

23. Ansin shín Maois a shlat i dtreo neimhe agus scaoil an Tiarna toirneach agus clochshneachta. Bhuail tintreach an talamh agus d'fhear an Tiarna clochshneachta ar thalamh na hÉigipte.

24. Thit an clochshneachta agus bhí tintreach tríd gan staonadh i dtreo nach raibh a leithéid de chlochshneachta trom i gcríocha na hÉigipte ó rinneadh naisiún di an chéad lá.

25. Threascair an clochshneachta a raibh amuigh idir dhuine agus bheithíoch, ar fud chríocha na hÉigipte; threascair sé na barraí go léir sna goirt agus d'fhág na crainn go léir ar lár sna páirceanna.

26. I dtír Ghoisin amháin, mar a raibh clann Iosrael, is ea nár thit an clochshneachta.

27. Ansin chuir Forann fios ar Mhaois agus ar Árón agus dúirt leo: “Admhaím mo pheaca an turas seo! Tá an Tiarna sa chóir agus mise agus mo mhuintir san éagóir.

28. Guígí chun an Tiarna: tá ár ndóthain againn den toirneach agus den chlochshneachta; ligfidh mé libh agus ní bheidh a thuilleadh moille anseo oraibh.”

29. D'fhreagair Maois é: “A luaithe a fhágfaidh mé an chathair, sínfidh mé mo lámha i dtreo an Tiarna; stadfaidh an toirneach agus beidh deireadh leis an gclochsneachta, i dtreo go mbeidh a fhios agat gur leis an Tiarna an domhan.

30. Ach maidir leat féin agus le do shearbhóntaí, is maith is eol dom nach bhfuil eagla an Tiarna ár nDia oraibh go fóill.”

31. Loiteadh an líon agus an eorna mar bhí an eorna ag eascar agus an líon ina gheamhar;

32. ach níor loiteadh na barraí déanacha, an chruithneacht ná an seagal.

33. Amach le Maois dá bhrí sin ó Fhorann agus ón gcathair agus shín sé a lámha i dtreo an Tiarna; chuaigh stad ar an toirneach agus ar an gclochshneachta; níor thit báisteach a thuilleadh ar an talamh.

34. Ach nuair a chonaic Forann go raibh an bháisteach agus an clochshneachta agus an toirneach thart, pheacaigh sé arís, chruaigh sé a chroí, é féin agus a shearbhóntaí.

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 9