Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 9:11-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Níor fhéad na draíodóirí aghaidh a thabhairt ar Mhaois de bharr na neascóidí mar bhí neascóidí ar na draíodóirí mar a bhí ar na hÉigiptigh go léir.

12. Ach chruaigh an Tiarna croí Fhorainn agus, mar a dúirt an Tiarna, níor thug sé cluas dóibh.

13. Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Éirigh go moch ar maidin agus téigh i láthair Fhorainn agus abair leis: ‘Seo duit teachtaireacht an Tiarna, Dia na nEabhrach: Lig do mo phobal imeacht i dtreo go ndéanfaidh siad íobairt a ofráil dom;

14. mar an uair seo seolfaidh mé mo phlánna go léir sa mhullach ort féin, agus ar do shearbhóntaí, agus ar do mhuintir, i dtreo go mbeidh a fhios agat nach bhfuil mo leithéid eile ar domhan ar fad.

15. Oir b'fhéidir dom mo lámh a shíneadh agus tusa agus do mhuintir a bhualadh le plá agus tú a scrios de dhroim na talún.

16. Ach is chuige seo a lig mé duit maireachtáil: chun mo chumhacht a thaispeáint duit i dtreo go bhfoilseofaí m'ainm os comhair an tsaoil.

17. Tá tú go teanntásach fós le mo phobal agus ní áil leat scaoileadh leo.

18. Féach! um an dtaca seo amárach seolfaidh mé clochshneachta anuas ar an talamh chomh tiubh sin nach raibh a leithéid riamh san Éigipt ón lá a bunaíodh í go dtí inniú féin.

19. Cuir do theachtairí uait láithreach agus cruinnigh isteach slán faoi dhíon d'eallach agus a bhfuil ar na bánta agat; óir gach duine agus gach ainmhí a bheidh lasmuigh gan é a thabhairt isteach abhaile, titfidh an clochshneachta orthu agus caillfear iad.’ ”

20. An dream i measc shearbhóntaí Fhorainn a raibh eagla orthu roimh bhagairt an Tiarna, thugadar a stoc agus a ndaoir isteach sna tithe;

21. ach an dream nár thug aon aird ar bhagairt an Tiarna, d'fhágadar a ndaoir agus a stoc amuigh.

22. Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Sín do lámh i dtreo neimhe i dtreo go dtitfidh clochshneachta ar fud chríocha na hÉigipte, ar na daoine, ar na beithígh agus ar a bhfuil de ghlasraí ag fás san ithir ar fud thír na hÉigipte.”

23. Ansin shín Maois a shlat i dtreo neimhe agus scaoil an Tiarna toirneach agus clochshneachta. Bhuail tintreach an talamh agus d'fhear an Tiarna clochshneachta ar thalamh na hÉigipte.

24. Thit an clochshneachta agus bhí tintreach tríd gan staonadh i dtreo nach raibh a leithéid de chlochshneachta trom i gcríocha na hÉigipte ó rinneadh naisiún di an chéad lá.

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 9