Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 9:1-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Imigh isteach go Forann agus abair leis: ‘Mar seo a deir an Tiarna, Dia na nEabhrach: Lig do mo phobal imeacht i dtreo go ndéanfaidh siad íobairt dom.

2. Má dhiúltaíonn tú ligean dóibh imeacht ach greim a choimeád orthu go fóill,

3. féach luífidh lámh an Tiarna le plá róthrom ar do stoc sa mhachaire, ar do chapaill, ar d'asail, ar do tháinte agus ar do thréada.

4. Ach déanfaidh an Tiarna difir idir stoc Iosrael agus stoc na hÉigipte; ní chaillfear aon ní de chuid chlann Iosrael.’ ”

5. Bhí an t‑am socair ag an Tiarna á rá: “Amárach a chuirfidh an Tiarna an bhagairt sin i bhfeidhm ar fud na tíre.”

6. Agus lá arna mhárach chomh maith a chuir; cailleadh stoc na nÉigipteach go léir, ach níor cailleadh aon chuid de stoc chlann Iosrael.

7. Rinne Forann fiafraí agus féach ní raibh beithíoch de chuid na nIosraelach marbh. Ach chruaigh croí Fhorainn arís agus níor lig sé don phobal imeacht.

8. Dúirt an Tiarna le Maois agus le hÁrón: “Tógaigí croibh súiche ón bhfoirnéis agus caitheadh Maois in airde san aer iad i radharc Fhorainn.

9. Déanfar smúit mhin de os cionn talamh na hÉigipte go léir agus déanfar neascóidí de ag briseadh amach ar dhaoine agus ar ainmhithe ar fud chríocha na hÉigipte go léir.”

10. Thógadar súiche ón bhfoirnéis agus sheas os comhair Fhorainn. Chaith Maois in airde san aer é agus rinneadh neascóidí de ag sceith ina bpocháin ar dhuine agus ar ainmhí.

11. Níor fhéad na draíodóirí aghaidh a thabhairt ar Mhaois de bharr na neascóidí mar bhí neascóidí ar na draíodóirí mar a bhí ar na hÉigiptigh go léir.

12. Ach chruaigh an Tiarna croí Fhorainn agus, mar a dúirt an Tiarna, níor thug sé cluas dóibh.

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 9