Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 7:1-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Dúirt an Tiarna le Maois: “Féach! déanfaidh mé dia díot d'Fhorann agus beidh Árón do dheartháir mar fháidh agat.

2. Caithfidh tú féin gach a n‑ordóidh mé duit a insint dó agus déarfaidh Árón le Forann clann Iosrael a ligean as a thír.

3. Déanfaidh mise croí Fhorainn a chruachan agus comharthaí agus míorúiltí a chur i ngníomh i dtír na hÉigipte.

4. Ní éisteoidh Forann libhse; agus leagfaidh mise dá bhrí sin mo lámh ar an Éigipt agus seolfaidh mé mo shluaite, mo phobal, clann Iosrael amach as tír na hÉigipte le héachtaí breithiúnais.

5. Agus tabharfar le fios do na hÉigiptigh go léir gur mise an Tiarna nuair a shínfidh mé mo lámh in aghaidh na hÉigipte agus a thabharfaidh mé clann Iosrael amach óna measc.”

6. Rinne Maois agus Árón amhlaidh; rinneadar gach a ndúirt an Tiarna leo.

7. Bhí Maois ceithre fichid bliain d'aois agus Árón trí bliana agus ceithre fichid nuair a labhraíodar le Forann.

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 7