Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 38:20-31 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

20. Pionnaí uile an taibearnacail, agus na faiche mórthimpeall, ba de chré-umha iad.

21. Seo cur síos ar na miotail a úsáideadh don taibearnacal - Taibearnacal na Fianaise - cur síos a rinneadh ar ordú Maois, agus a rinneadh ag na Léivítigh faoi threoir Íteámár mac Árón an sagart.

22. Rinne Bazalael mac Úirí mac Húr de threibh Iúdá gach ar ordaigh an Tiarna do Mhaois.

23. Mar pháirtí aige bhí Ohoilíáb mac Aichíosámác de threibh Dhán, ceardaí agus dearthóir agus bróidnéir in ábhar gorm agus corcra agus craorag agus línéadach mín cas.

24. Sé an méid óir a úsáideadh san obair - obair iomlán an tsanctóra - (ór a ofráladh a ba ea é): naoi dtallann fichead, agus seacht gcéad agus a tríocha seicil (de réir thomhas seicil an tsanctóra).

25. Sé an méid airgid a cruinníodh uathu siúd den chomhthionól a áiríodh: céad tallann, agus míle seacht gcéad seachtó cúig seicil de réir seicil an tsanctóra;

26. fiche beica an duine (leath seicil is é sin, de réir thomhas seicil an tsanctóra) i gcomhair gach duine a áiriodh sa daonáireamh a bhí fiche bliain agus breis, sé chéad agus a trí mhíle, cúig chéad go leith fear.

27. Caitheadh an céad tallann airgid ag déanamh na gceap don sanctóir agus don fhial; céad ceap as an gcéad tallann, nó tallann an ceap.

28. Leis an míle seacht gcéad seachtó agus cúig seicil, rinne sé na naisc do na pollaí, an cumhdach dá mullaí agus dá mbataí.

29. Ofráladh seachtó tallann agus dhá mhíle ceithre chéad seicil de chré-umha.

30. Leis sin rinne sé na ceapa do dhoras Bhoth na Teagmhála, an altóir chré-umha lena cliath chré-umha agus gréithe uile na haltóra,

31. na ceapa mórthimpeall na faiche agus na ceapa do gheata na faiche, pionnaí uile an taibearnacail, agus na pionnaí go léir timpeall ar an bhfaiche.

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 38