Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 38:17-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Ba de chré-umha ceapa na bpollaí ach ba d'airgead a naisc agus mbataí, mar aon le cumhdach a mullaí. Ba d'airgead bataí uile pollaí na faiche.

18. Bhí an chliath do gheata na faiche gréasta d'obair shnáthaide d'ábhar gorm agus corcra agus craorag agus de líneadach mín cas; bhí sé fiche banlámh ar fad, agus, ar feadh a leithe, bhí sí cúig bhanlámh ar airde, ar aon dul le brait na faiche.

19. Bhí ceithre pholla fúithi; ba de chré-umha a gceapa, d'airgead a naisc agus cumhdach a mullaí agus a mbataí d'airgead.

20. Pionnaí uile an taibearnacail, agus na faiche mórthimpeall, ba de chré-umha iad.

21. Seo cur síos ar na miotail a úsáideadh don taibearnacal - Taibearnacal na Fianaise - cur síos a rinneadh ar ordú Maois, agus a rinneadh ag na Léivítigh faoi threoir Íteámár mac Árón an sagart.

22. Rinne Bazalael mac Úirí mac Húr de threibh Iúdá gach ar ordaigh an Tiarna do Mhaois.

23. Mar pháirtí aige bhí Ohoilíáb mac Aichíosámác de threibh Dhán, ceardaí agus dearthóir agus bróidnéir in ábhar gorm agus corcra agus craorag agus línéadach mín cas.

24. Sé an méid óir a úsáideadh san obair - obair iomlán an tsanctóra - (ór a ofráladh a ba ea é): naoi dtallann fichead, agus seacht gcéad agus a tríocha seicil (de réir thomhas seicil an tsanctóra).

25. Sé an méid airgid a cruinníodh uathu siúd den chomhthionól a áiríodh: céad tallann, agus míle seacht gcéad seachtó cúig seicil de réir seicil an tsanctóra;

26. fiche beica an duine (leath seicil is é sin, de réir thomhas seicil an tsanctóra) i gcomhair gach duine a áiriodh sa daonáireamh a bhí fiche bliain agus breis, sé chéad agus a trí mhíle, cúig chéad go leith fear.

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 38