Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 38:12-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Ar an taobh thiar leis bhí brait leathchéad banlámh ar dheich bpolla lena ndeich gceapa; bhí a naisc agus a mbataí d'airgead.

13. Ar an taobh thoir chun tosaigh bhí brait leathchéad banlámh.

14. Ar thaobh den gheata bhí brait cúig bhanlámh déag le trí pollaí i dtrí ceapa.

15. Mar an gcéanna ar an taobh eile - ón dá thaobh de gheata na faiche - bhí brait cúig bhanlámh déag le trí pollaí agus trí ceapa.

16. Bhí na brait go léir timpeall na cúirte de línéadach mín cas.

17. Ba de chré-umha ceapa na bpollaí ach ba d'airgead a naisc agus mbataí, mar aon le cumhdach a mullaí. Ba d'airgead bataí uile pollaí na faiche.

18. Bhí an chliath do gheata na faiche gréasta d'obair shnáthaide d'ábhar gorm agus corcra agus craorag agus de líneadach mín cas; bhí sé fiche banlámh ar fad, agus, ar feadh a leithe, bhí sí cúig bhanlámh ar airde, ar aon dul le brait na faiche.

19. Bhí ceithre pholla fúithi; ba de chré-umha a gceapa, d'airgead a naisc agus cumhdach a mullaí agus a mbataí d'airgead.

20. Pionnaí uile an taibearnacail, agus na faiche mórthimpeall, ba de chré-umha iad.

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 38