Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 38:1-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Rinne sé altóir an uileloiscthe d'adhmad sitím chomh maith, cúig bhanlámh ar fad, agus cúig bhanlámh ar leithead; bhí sí cearnógach agus trí bhanlámh ar airde.

2. Rinne sé beanna dá ceithre cúinní; bhí a beanna d'aon phíosa léi, agus chumhdaigh sé í de chré-umha.

3. Rinne sé árais uile na haltóra: miasa i gcomhair a luaithrigh, agus liacha, agus báisíní, agus gabhla, agus oighinn; de chré-umha a rinne sé soithí uile na haltóra.

4. Rinne sé gráta di de chliath chré-umha, agus chuir faoi fhargán na haltóra í i dtreo gur shín sí leath slí anuas.

5. Rinne sé ceithre fáinní ar cheithre cúinní na cléithe cré-umha chun na cuaillí a iompar.

6. Rinne sé cuaillí d'adhmad sitím agus chumhdaigh iad de chré-umha.

7. Chuir sé na cuaillí trí na fáinní ar thaobhanna na haltóra chun í a iompar lena gcabhair; rinne sé an altóir de chláir agus í folamh laistigh.

8. Rinne sé an t‑umar cré-umha agus a bhonn cré-umha de scátháin na mban a bhí ag freastal ag an doras isteach go Both na Teagmhála.

9. Rinne sé an fhaiche; ar an taobh theas den fhaiche, bhí brait céad banlámh ar fad de líneadach mín cas.

10. Bhí a bhfiche polla agus a bhfiche ceap de chré-umha, ach ba d'airgead a naisc agus a mbataí.

11. Mar an gcéanna ar an taobh thuaidh bhí brait céad banlámh ar fad; a bhfiche polla agus a bhfiche ceap de chré-umha, ach bhí na naisc agus na bataí d'airgead.

12. Ar an taobh thiar leis bhí brait leathchéad banlámh ar dheich bpolla lena ndeich gceapa; bhí a naisc agus a mbataí d'airgead.

13. Ar an taobh thoir chun tosaigh bhí brait leathchéad banlámh.

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 38