Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 35:3-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Ná hadhnaigí tine ar bith ar aon tinteáin de bhur gcuid ar an tsabóid.”

4. Labhair Maois le comhthionól chlann Iosrael go léir: “Seo,” ar sé, “mar a d'ordaigh an Tiarna.

5. Cuirigí síntiús don Tiarna i leataobh ó bhur maoin. An fear croí mhóir tugadh sé mar ofráil chun an Tiarna: ór, airgead agus cré-umha,

6. ábhar gorm agus corcra agus craorag, agus línéadach mín cas, fionnadh gabhair,

7. seithí coirtithe reithe, sitím,

8. ola don solas, spíosraí don chriosma agus don túis chumhra,

9. clocha oinisce agus clocha lómhara le luí san éafód agus sa lúireach.

10. Gach fear agaibh ina bhfuil éirim, tagadh sé agus déanadh gach ar ordaigh an Tiarna:

11. an taibearnacal agus a bhoth agus a dhíon, a naisc agus a fhrámaí, a bhataí snadhma, a phollaí agus a cheapa,

12. an áirc lena cuaillí, cathaoir na trocaire, agus an fial a fholaíonn í;

13. an bord lena chuaillí agus a ghréithe agus arán na láithreachta;

14. an coinnleoir mar an gcéanna don solas, lena mbaineann leis, na lampaí agus an ola le lasadh;

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 35