11. an taibearnacal agus a bhoth agus a dhíon, a naisc agus a fhrámaí, a bhataí snadhma, a phollaí agus a cheapa,
12. an áirc lena cuaillí, cathaoir na trocaire, agus an fial a fholaíonn í;
13. an bord lena chuaillí agus a ghréithe agus arán na láithreachta;
14. an coinnleoir mar an gcéanna don solas, lena mbaineann leis, na lampaí agus an ola le lasadh;
15. altóir na túise lena cuaillí, an criosma agus an túis chumhra agus an scáthlán don doras ar an tslí isteach sa bhoth;
16. altóir an uileloiscthe lena gráta cré-umha agus lena cuaillí agus lena gréithe go léir, an t‑umar lena a bhonn;
17. brait na faiche, a pollaí agus a ceapa, agus an fial don gheata isteach san fhaiche;
18. pionnaí an taibearnacail agus pionnaí na cúirte agus a dtéada;
19. na héidí dea-fhite don tseirbhís san áit naofa agus an éide naofa d'Árón an sagart, agus éidí a mhac dá seirbhís sagartachta.”
20. Ansin d'imigh comhthionól uile chlann Iosrael ó láthair Mhaois.
21. Agus gach duine a raibh sé de phreab ina chroí, agus de sponc ina chuislinn, rud a thabhairt, thángadar lena síntiús don Tiarna le haghaidh Both na Teagmhála a dhéanamh, do na seirbhísí, agus do na héidí naofa.
22. Thángadar idir fhir agus mhná, a raibh sé de chroí acu, agus thugadar dealga agus fáinní agus bráisléid agus toirc agus seoda óir de gach sórt, a ofráil éigin óir á tíolacadh ag gach duine don Tiarna:
23. gach duine dár tharla aige ábhar gorm nó corcra nó craorag nó línéadach mín, nó fionnadh gabhair, nó seithí coirtithe reithe, nó seithí gabhair, thugadar leo iad.
24. Gach duine a d'fhéad ofráil airgid nó chré-umha a dhéanamh, thugadar chun an Tiarna iad mar ofráil; agus gach duine dár tharla aige adhmad sitím d'aon tairbhe don obair, thug sé leis é;
25. gach bean le héirim, d'fhíodar lena lámha, agus thugadar leo a raibh fite acu d'ábhar gorm agus corcra agus craorag agus de línéadach mín cas;
26. gach bean a raibh sé de chroí is d'éirim inti, luíodar le fí an fhionnadh gabhair;
27. agus thug na ceannairí clocha oinisce agus seoda le luí san éafód agus sa lúireach,