Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 35:1-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Chruinnigh Maois comhthionól uile chlann Iosrael agus dúirt leo: “Seo mar a d'ordaigh an Tiarna daoibh a dhéanamh:

2. Déantar saothar ar feadh sé lá; ach ar an seachtú lá, bíodh sabóid naofa, saoire shollúnta agaibh don Tiarna. Aon duine a dhéanann saothar ar bith an lá sin, cuirtear chun báis é.

3. Ná hadhnaigí tine ar bith ar aon tinteáin de bhur gcuid ar an tsabóid.”

4. Labhair Maois le comhthionól chlann Iosrael go léir: “Seo,” ar sé, “mar a d'ordaigh an Tiarna.

5. Cuirigí síntiús don Tiarna i leataobh ó bhur maoin. An fear croí mhóir tugadh sé mar ofráil chun an Tiarna: ór, airgead agus cré-umha,

6. ábhar gorm agus corcra agus craorag, agus línéadach mín cas, fionnadh gabhair,

7. seithí coirtithe reithe, sitím,

8. ola don solas, spíosraí don chriosma agus don túis chumhra,

9. clocha oinisce agus clocha lómhara le luí san éafód agus sa lúireach.

10. Gach fear agaibh ina bhfuil éirim, tagadh sé agus déanadh gach ar ordaigh an Tiarna:

11. an taibearnacal agus a bhoth agus a dhíon, a naisc agus a fhrámaí, a bhataí snadhma, a phollaí agus a cheapa,

12. an áirc lena cuaillí, cathaoir na trocaire, agus an fial a fholaíonn í;

13. an bord lena chuaillí agus a ghréithe agus arán na láithreachta;

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 35