Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 34:20-33 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

20. Céadghin asail, fuascail é le huan, nó mura bhfuasclaíonn tú, bris a mhuineál. Fuascail gach céadghin ar do mhic. Ná tagadh aon duine i mo láthair gan rud aige.”

21. “Ar feadh sé lá déanfaidh tú saothar, ach ar an seachtú lá scoirfidh tú ó obair; fiú i séasúr an treafa agus an fhómhair déanfaidh tú sin.

22. Ceiliúir Féile na Seachtainí, Féile Chéadtorthaí fómhair na cruithneachta, agus Féile Chlabhsúr an Fhómhair i ndeireadh na bliana.

23. Tagadh do chlann mhac uile i láthair an Tiarna Dia, Dia Iosrael, trí huaire sa bhliain.

24. Nuair a bheidh na ciníocha díbeartha agam romhat, agus fairsinge curtha agam le do chríocha, ní shantóidh aon duine do dhúiche, má thagann tú i láthair an Tiarna do Dhia trí huaire sa bhliain.”

25. “Ná hofráil dom fuil m'íobarthaigh mar aon le harán slim; agus ná cuirtear íobarthach Fhéile na Cásca i leataobh go maidin.

26. Tabhair tús do nús ó d'fhearann go teach an Tiarna do Dhia. Ná bruith meannán i bhfuil a mháthar.”

27. Dúirt an Tiarna le Maois: “Cuir na focail sin i scríbhinn, óir is de réir na bhfocal sin atá an conradh déanta agam leatsa agus le hIosrael.”

28. D'fhan sé ansiúd fara an Tiarna daichead lá agus daichead oíche gan greim a ithe ná bolgam a ól. Agus scríobh sé ar na leaca focail an chonartha, na Deich nAitheanta.

29. Nuair a tháinig Maois anuas ó Shliabh Shíonái - agus é ag teacht anuas bhí dhá leac na Fianaise ina láimh - ní raibh a fhios ag Maois go raibh loinnir ón gcneas ar a aghaidh mar go raibh sé ag caint leis an Tiarna.

30. Nuair a chonaic Árón agus clann Iosrael go léir Maois agus a leithéid de loinnir ón gcneas ar a aghaidh, bhí eagla orthu dul ina ghaire.

31. Ghair Maois chuige iad agus tháinig Árón agus ceannairí an chomhthionóil ar ais chuige agus labhair Maois leo.

32. Ansin tháinig clann Iosrael go léir ina chóngar agus thug sé dóibh na horduithe go léir a thug an Tiarna dó ina chaint leis ar Shliabh Shíonái.

33. Nuair a bhí deireadh ráite ag Maois leo, chuir sé brat ar a aghaidh.

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 34