Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 34:11-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Tabhair aird, más ea, ar a bhfuil á ordú agam duit inniu. Féach! tiomáinfidh mé amach romhat na hAmóraigh, agus na Canánaigh, na Hitigh agus na Pirizigh, na Hivigh agus na Iabúsaigh.

12. Féach chuige nach ndéanann tú conradh le dúchasaigh na tíre dá rachaidh tú, nó beidh sin ina ghaiste faoi do chosa.

13. Ní foláir daoibh a n‑altóirí a scartáil, a ngalláin a smiotadh, agus a gcuaillí naofa a ghearradh anuas.

14. Ná hadhair aon dia eile, óir An tÉadmhar is ainm don Tiarna; is Dia éadmhar é.

15. Ná déan conradh le dúchasaigh na tíre nó, nuair a dhéanfaidh siad striapachas lena ndéithe féin agus íobairt dóibh, ba bhaol go dtabharfadh duine díobh cuireadh duit agus go n‑íosfá cuid dá íobarthach;

16. nó b'fhéidir go nglacfá mná do do mhic as a n‑iníonacha, agus go ndéanfaidis sin, lena striapachas lena ndéithe féin, do mhic a mhealladh chun déanamh amhlaidh lena ndéithesean.

17. Ná déan déithe duit féin as miotal leáite.

18. Ceiliúir Féile an tSlimaráin; ith arán gan ghabháile mar a d'ordaigh mé duit ag an tráth ceaptha i mí Áibíb, óir i mí Áibíb tháinig sibh amach as tír na hÉigipte.”

19. “Is liomsa gach a n‑osclaíonn broinn, gach fireannach is céadghin i dtréad nó i dtáin leat.

20. Céadghin asail, fuascail é le huan, nó mura bhfuasclaíonn tú, bris a mhuineál. Fuascail gach céadghin ar do mhic. Ná tagadh aon duine i mo láthair gan rud aige.”

21. “Ar feadh sé lá déanfaidh tú saothar, ach ar an seachtú lá scoirfidh tú ó obair; fiú i séasúr an treafa agus an fhómhair déanfaidh tú sin.

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 34