Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 34:1-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Dúirt an Tiarna le Maois: “Gearr anuas dhá leac cosúil leis na chéad chinn [agus tar aníos chugamsa ar an sliabh], agus déanfaidh mé na focail a bhí ar na chéad chláir a bhris tú a inscríobh orthu.

2. Bí ullamh faoi mhaidin agus tar aníos go Sliabh Shíonái le breacadh an lae; bí i láthair ansiúd fá mo choinne ar bharr an tsléibhe.

3. Ná tagadh aon duine aníos leat, agus ná bíodh aon duine le feiceáil in aon áit ar an sliabh; níl sé ceadaithe fiú na tréada ná na táinte a bheith ag iníor os comhair an tsléibhe sin.”

4. Ghearr Maois dhá leac chloiche dá bhrí sin ar aon dul leis na chéad chinn, agus go luath ar maidin ghabh sé faoi Shliabh Shíonái suas leis an dá leac chloiche ina lámha faoi mar a d'ordaigh an Tiarna dó.

5. Tháinig an Tiarna anuas i bhfoirm néil, agus sheas Maois ansiúd in éineacht leis.Glaoigh sé ar ainm an Tiarna.

6. Ghabh an Tiarna thar bráid os a chomhair agus d'fhógair sé: “A Thiarna, a Thiarna, Dia na cineáltachta agus na trócaire, is mall é chun feirge, is lán é de bhuanghrá agus de dhílseacht;

7. leanann sé dá bhuanghrá i leith na mílte, maitheann lochtanna, coir agus peaca; ach ní fhágann sé aon ní gan díolt, ag agairt cion na n‑aithreacha ar an gclann agus ar chlann na clainne go dtí an tríú agus an ceathrú glúin.”

8. Shléacht Maois go talamh gan mhoill ag adhradh

9. agus dúirt: “Má fuair mé fabhar i do láthair, a Thiarna, tagadh mo Thiarna in éineacht linn, achainím ort, fág gur ceanndána an pobal iad; ach maith dúinn ár gcionta agus ár bpeacaí, agus glac linn mar oidhreacht agat.”

10. Dúirt [an Tiarna]: “Féach! táim ar tí conradh a dhéanamh. Déanfaidh mé, i láthair do phobail go léir, iontais nach ndearnadh a leithéid riamh in aon tír ná in aon náisiún. An mhuintir go léir a bhfuil tú ina measc, feicfidh siad obair an Tiarna, óir is uaimhneach é a ndéanfaidh mé tríot.

11. Tabhair aird, más ea, ar a bhfuil á ordú agam duit inniu. Féach! tiomáinfidh mé amach romhat na hAmóraigh, agus na Canánaigh, na Hitigh agus na Pirizigh, na Hivigh agus na Iabúsaigh.

12. Féach chuige nach ndéanann tú conradh le dúchasaigh na tíre dá rachaidh tú, nó beidh sin ina ghaiste faoi do chosa.

13. Ní foláir daoibh a n‑altóirí a scartáil, a ngalláin a smiotadh, agus a gcuaillí naofa a ghearradh anuas.

14. Ná hadhair aon dia eile, óir An tÉadmhar is ainm don Tiarna; is Dia éadmhar é.

15. Ná déan conradh le dúchasaigh na tíre nó, nuair a dhéanfaidh siad striapachas lena ndéithe féin agus íobairt dóibh, ba bhaol go dtabharfadh duine díobh cuireadh duit agus go n‑íosfá cuid dá íobarthach;

16. nó b'fhéidir go nglacfá mná do do mhic as a n‑iníonacha, agus go ndéanfaidis sin, lena striapachas lena ndéithe féin, do mhic a mhealladh chun déanamh amhlaidh lena ndéithesean.

17. Ná déan déithe duit féin as miotal leáite.

18. Ceiliúir Féile an tSlimaráin; ith arán gan ghabháile mar a d'ordaigh mé duit ag an tráth ceaptha i mí Áibíb, óir i mí Áibíb tháinig sibh amach as tír na hÉigipte.”

19. “Is liomsa gach a n‑osclaíonn broinn, gach fireannach is céadghin i dtréad nó i dtáin leat.

20. Céadghin asail, fuascail é le huan, nó mura bhfuasclaíonn tú, bris a mhuineál. Fuascail gach céadghin ar do mhic. Ná tagadh aon duine i mo láthair gan rud aige.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 34