Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 33:8-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Cibé uair a théadh Maois amach chun na Botha, d'éiríodh an pobal go léir, agus sheasadh gach fear ag béal a bhotha agus a shúile ar Mhaois go dtí go sroicheadh sé an Bhoth.

9. Nuair a théadh Maois isteach sa Bhoth, thagadh an colún néil anuas agus sheasadh ag doras na Botha, agus labhraíodh an Tiarna le Maois.

10. Nuair a d'fheiceadh an pobal an colún néil ina sheasamh ag doras na Botha, d'éiridís ina seasamh agus shléachtaidís go talamh, gach fear ag béal a bhotha féin.

11. Labhraíodh an Tiarna le Maois aghaidh ar aghaidh, mar a dhéanann fear le cara. Ansin d'fhilleadh Maois ar an gcampa, ach Iósua, mac Húr, a shearbhónta ógfhir, ní fhágadh sé an Bhoth.

12. Dúirt Maois leis an Tiarna: “Féach, deir tú liom: ‘Cuir an pobal ag bogadh ar aghaidh,’ ach ní insíonn tú dom cé a chuirfidh tú in éineacht liom. Dúirt tú féin más ea: ‘Is aithnid dom thú ó ainm, agus fuair tú fabhar i mo láthair.’

13. Uime sin, má fuair mé fabhar i do láthair, nocht dom do bhealaí d'fhonn go dtuigfinn thú agus go dtuillfinn do ghnaoi. Cuimhnigh air chomh maith, gurab é an cine seo do phobal féin.”

14. D'fhreagair sé: “Rachaidh mo láithreacht in éineacht leat agus tabharfaidh mé suaimhneas duit.”

15. Agus dúirt [Maois] leis: “Mura dtéann do láithreacht in éineacht liom, ná beir suas ón áit seo sinn.

16. Óir conas a bheidh a fhios go bhfuair mé, mé féin agus do phobal, fabhar i do láthair, mura dtéann tú in éineacht linn? Leis seo a dhealófar sinn, mise agus do phobal, ó gach cine eile dá bhfuil ar dhroim na talún.”

17. Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Déanfaidh mé díreach mar a dúirt tú; óir fuair tú fabhar i mo láthair agus is aithnid dom thú ó ainm.”

18. Dúirt Maois: “Taispeáin dom do ghlóir, achainím ort.”

19. Agus d'fhreagair sé: “Seolfaidh mé mo mhaitheas go léir thar bráid os do chomhair, agus fógróidh mé m'ainm, an Tiarna, romhat; beidh mé fabhrach don té is rogha liom, agus beidh mé trócaireach don té is rogha liom.

20. Ach ní féidir duit mo ghnúis a fheiceáil,” ar sé “óir ní féidir do dhuine mé a fheiceáil agus maireachtáil dá éis sin.”

21. Agus lean air: “Seo áit taobh liom mar ar féidir duit seasamh ar an gcarraig,

22. agus fad a ghabhann mo ghlóir thar bráid, cuirfidh mé thú i scoilt den charraig agus clúdóidh mé thú le mo láimh go mbeidh mé imithe thar bráid.

23. Ansin tógfaidh mé mo lámh chun siúil agus feicfidh tú mo chúl; ach mo ghnúis ní fheicfear.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 33