Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 31:2-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Féach! Roghnaigh mé ó ainm Bazalael mac Úirí mac Húr de threibh Iúdá,

3. agus líon mé é le spiorad Dé, le cumas agus le héirim, le heolas agus le gach sórt ceardaíochta

4. i gcomhair dearadh agus saothar in ór agus in airgead agus i gcré-umha,

5. i gcomhair seoda a ghearradh dá leaba, adhmad a shnoí, agus gach saghas saothar ceirde.

6. Agus seo anois mé ag tabhairt páirtí dó - Ohoilíáb mac Aichíosámác de threibh Dhán; agus gach duine ina bhfuil éirim, chuir mé breis di ann, i dtreo go ndéanfaidís gach ar ordaigh mé duit:

7. Both na Teagmhála, áirc na Fianaise, cathaoir na trócaire os a cionn, agus troscán uile an taibearnacail,

8. an bord agus a ghréithe, an coinnleoir glan lena ghréithe uile, altóir na túise,

9. agus altóir na hofrála loiscthe lena gréithe go léir, agus an t‑umar gona bhonn,

10. agus na héidí dea-mhaisithe - na héidí naofa d'Árón an sagart agus na héidí dá mhic - i gcomhair a seirbhísí sagairt,

11. agus an criosma agus an túis chumhra don áit naofa. Déanfaidh siad gach ar ordaigh mé duit.”

12. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

13. “Labhair le clann Iosrael agus abair: ‘Coimeádaigí mo shabóidí óir is comhartha idir mise agus sibhse an tsabóid ó ghlúin go glúin i dtreo go mbeadh a fhios agaibh gur mise, an Tiarna, a naomhaíonn sibh.

14. Ní foláir daoibh an tsabóid a choimeád, dá réir sin; bíodh sí naofa agaibh. An té a bhriseann í, cuirfear chun báis é; aon duine a dhéanann saothar ar an tsabóid, déanfar é a ionnarbadh óna phobal.

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 31