Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 30:2-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Beidh sí banlámh ar fad, banlámh ar leithead - comhfhad, comhleithead, is é sin - agus dhá bhanláimh ar airde; beidh a beanna d'aon phíosa léi.

3. Déanfaidh tú í a chumhdach d'ór fíre - a barr, a cliatháin timpeall, agus a beanna, agus í a mhaisiú le múnláil óir mórthimpeall uirthi.

4. Déanfaidh tú dhá fháinne óir di, le cur faoin múnláil ar an dá thaobh ar aghaidh a chéile; leo seo a ghreamófar na cuaillí lena n‑iomprófar í.

5. Déanfaidh tú na cuaillí d'adhmad sitím agus iad a chumhdach le hór.

6. Cuirfidh tú an altóir suas os comhair an fhéil atá roimh áirc na Fianaise, ar aghaidh chathaoir na trócaire atá os cionn na Fianaise, san áit ina dteagmhóidh mé leat.

7. Loiscfidh Árón túis chumhra uirthi gach maidin; nuair a bheidh na lampaí a gcóiriú aige is ea a loiscfidh.

8. Agus idir dhá sholas tráthnóna nuair a chuirfidh Árón na lampaí suas ar ais, loiscfidh sé arís í; ní foláir na hofrálacha túise seo a loscadh i láthair an Tiarna ó ghlúin go glúin go brách.

9. Ní ofrálfaidh tú túis gan naofacht uirthi, ná íobairt loiscthe, ná abhlann; ní dhoirtfidh tú deoch ofrála uirthi.

10. Déanfaidh Árón leorghníomh ar a beanna uair sa bhliain; le fuil na hofrála ar son an pheaca, déanfaidh sé gnás an leorghnímh a chomhlíonadh uair sa bhliain agus beidh sin amhlaidh ó ghlúin go glúin. Tá an altóir seo sárnaofa don Tiarna.”

11. Dúirt an Tiarna le Maois:

12. “Nuair a dhéanfaidh tú daonaireamh ar chlann Iosrael agus iad a chlárú, íocfaidh gach duine éiric fuascailte ar a shon féin leis an Tiarna chun nach mbeadh aon phlá ina measc nuair a ríomhfaidh tú iad.

13. Gach duine a thagann faoin daonáireamh, íocfaidh sé an tsuim seo: leath seicil de réir thomhas sheicil an tsanctóra, fiche géara is é sin, agus beidh an leath seicil sin ina ofráil don Tiarna.

14. Gach duine a ríomhtar sa daonáireamh, atá fiche bliain nó breis, caithfidh sé an tsuim a íoc leis an Tiarna.

15. Ní thabharfaidh an saibhir níos mó, ná an daibhir níos lú, ach an leath seicil, nuair a íocfaidh sibh an ofráil leis an Tiarna ag déanamh leorghnímh ar bhur son féin.

16. Agus airgead seo na héirice, a gheobhaidh tú ó chlann Iosrael, cuirfidh tú é chun tairbhe seirbhíse Bhoth na Teagmhála; agus déanfaidh sé clann Iosrael a chur i gcuimhne don Tiarna, agus beidh sé mar fhuascailt ar bhur n‑anamacha.”

17. Labhair an Tiarna le Maois agus is é a dúirt:

18. “Déanfaidh tú umar cré-umha leis ar bhonn cré-umha, mar shás ionlaithe. Agus cuirfidh tú é idir Bhoth na Teagmhála agus an altóir, agus cuirfidh tú uisce ann,

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 30