13. Gach duine a thagann faoin daonáireamh, íocfaidh sé an tsuim seo: leath seicil de réir thomhas sheicil an tsanctóra, fiche géara is é sin, agus beidh an leath seicil sin ina ofráil don Tiarna.
14. Gach duine a ríomhtar sa daonáireamh, atá fiche bliain nó breis, caithfidh sé an tsuim a íoc leis an Tiarna.
15. Ní thabharfaidh an saibhir níos mó, ná an daibhir níos lú, ach an leath seicil, nuair a íocfaidh sibh an ofráil leis an Tiarna ag déanamh leorghnímh ar bhur son féin.
16. Agus airgead seo na héirice, a gheobhaidh tú ó chlann Iosrael, cuirfidh tú é chun tairbhe seirbhíse Bhoth na Teagmhála; agus déanfaidh sé clann Iosrael a chur i gcuimhne don Tiarna, agus beidh sé mar fhuascailt ar bhur n‑anamacha.”
17. Labhair an Tiarna le Maois agus is é a dúirt:
18. “Déanfaidh tú umar cré-umha leis ar bhonn cré-umha, mar shás ionlaithe. Agus cuirfidh tú é idir Bhoth na Teagmhála agus an altóir, agus cuirfidh tú uisce ann,
19. lena bhféadfadh Árón agus a chlann mhac a lámha is a gcosa a ionladh.
20. Nuair a bheidh siad ag dul isteach i mBoth na Teagmhála, nó ag dul i gcóngar na haltóra chun fónaimh le hofráil a loscadh le tine don Tiarna, déanfaidh siad iad féin a ionladh le huisce, le heagla an bháis.
21. Déanfaidh siad a lámha agus a gcosa a ionladh le heagla an bháis; beidh sé sin mar reacht acu go brách, ag Árón agus ag a shliocht ó ghlúin go glúin.”
22. Lean an Tiarna air agus dúirt le Maois:
23. “Tóg togha na spíosraí: cúig chéad seicil de mhiorr leachtach, a leath sin - dhá chéad go leith, is é sin - de chainéal cumhra, agus dhá chéad go leith de ghiolcach dhea-bholaidh,
24. agus cúig chéad seicil - de réir tomhais sheicil an tsanctóra - de chaisia, agus hín d'ola ológ.
25. Agus den méid sin déanfaidh tú criosma naofa, á chumasc mar a dhéanfadh poitigéir; criosma naofa a bheidh ann.
26. Agus déanfaidh tú Both na Teagmhála agus áirc na Fianaise a ungadh leis,