Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 29:24-44 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

24. tógfaidh tú an méid sin agus cuirfidh tú é i lámha Árón agus i lámha a mhac; ofrálfar é mar dhleacht ar leith os comhair an Tiarna.

25. Ansin déanfaidh tú é a ghlacadh ar ais óna lámha agus é a dhó ar an altóir mar aon leis an íobairt loiscthe, mar bholadh cumhra i láthair an Tiarna; beidh seo ina ofráil loiscthe in onóir an Tiarna.”

26. “Agus glacfaidh tú chugat ucht reithe insealbhaithe Árón agus é a ofráil mar dhleacht ar leith i láthair an Tiarna; beidh sin ina chuid ranna agat.

27. Agus déanfaidh tú ucht an ofráil dhleachta a choisreacan, mar aon leis an gceathrú ó chuid ar leith na sagart, rud a ofrálfar ó reithe an insealbhaithe, óir is d'Árón agus dá mhic an méid sin.

28. Beidh sé ag Árón agus ag a mhic mar cháin shíoraí ó chlann Iosrael; óir is é mír na sagart é, a ofrálfaidh clann Iosrael óna n‑íobairtí síochána; is é a n‑ofráil don Tiarna é.”

29. “Beidh éidí naofa Árón ag a mhic ina dhiaidh, le haghaidh a naomhaithe agus a n‑oirnithe.

30. An mac a bheidh ina shagart ina ionad, caithfidh sé iad ar feadh seacht lá nuair a thiocfaidh sé isteach i mBoth na Teagmhála chun fónaimh san áit naofa.”

31. “Déanfaidh tú reithe an insealbhaithe a ghlacadh chugat agus a fheoil a bhruith in áit naofa;

32. agus íosfaidh Árón agus a mhic feoil an reithe agus an t‑arán sa chliabh ag doras Bhoth na Teagmhála.

33. Agus íosfaidh siad na nithe lena ndearnadh leorghníomh ar a son agus iad á n‑oirniú agus á gcoisreacan; ach ní íosfaidh aon tuata aon chuid díobh, mar is naofa dóibh.

34. Má fhágfar aon chuid de fheoil an oirnithe nó den arán go maidin, ansin loiscfidh tú an fuílleach le tine; ní íosfar é mar is naofa dó.

35. Mar sin, de réir gach ar aithin mé duit, a dhéanfaidh tú le hÁrón agus lena mhaca; caithfidh tú seacht lá á n‑insealbhú.”

36. “Gach lá díobh ofrálfaidh tú tarbh mar íobairt pheaca ina leorghníomh; ofrálfaidh tú íobairt pheaca leis ar mhaithe leis an altóir ag déanamh leorghnímh ar a son agus déanfaidh tú í a ungadh lena coisreacan.

37. Déanfaidh tú leorghníomh seacht lá ar son na haltóra; déanfaidh tú í a choisreacan agus beidh barr naofachta ag an altóir; agus aon duine a bhainfidh léi beidh sé naofa.”

38. “Seo a n‑ofrálfaidh tú ar an altóir: dhá uan bhliana gach lá gan teip.

39. Ofrálfaidh tú uan ar maidin agus an t‑uan eile tráthnóna;

40. leis an gcéad uan ofrálfaidh tú deachú tomhais de phlúr mín fuinte le ceathrú hín d'ola mhín, agus ceathrú hín fíona mar ofráil dí.

41. Déanfaidh tú an t‑uan eile a ofráil, tráthnóna idir dhá sholas, maille le hofráil arbhair agus a hofráil dí mar a bhí ar maidin, le bheith ina bholadh cumhra agus ina íobairt loiscthe don Tiarna.

42. Beidh seo mar ofráil loiscthe gan stad ó ghlúin go glúin ag doras Bhoth na Teagmhála i láthair an Tiarna; ansin is ea a theagmhóidh mé libh le labhairt leat.”

43. “Teagmhóidh mé le clann Iosrael ar an láthair sin agus beidh sí coisricthe ag mo ghlóir.

44. Déanfaidh mé Both na Teagmhála agus an altóir a choisreacan: agus Árón chomh maith agus a mhic, déanfaidh mé iad a choisreacan le fónamh dom mar shagairt.

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 29