Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 27:11-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Mar an gcéanna ar feadh a fhaid ar an taobh thuaidh, beidh brait céad banlámh ar fad, a bhfiche polla agus a bhfiche ceap de chré-umha, ach a naisc agus a mbataí d'airgead.

12. Ar feadh leithe na faiche ar an taobh thiar beidh brait leathchéad banlamh le deich bpolla agus deich gceap.

13. Beidh an fhaiche leathchéad banlámh ar leithead chun tosaigh ar an taobh thoir.

14. Ar thaobh den gheata beidh cúig bhanlámh déag de bhrait ar crochadh le trí pollaí i dtrí ceapa.

15. Ar an taobh eile den gheata beidh cúig bhanlámh déag de bhrait ar crochadh le trí pollaí i dtrí ceapa.

16. Do gheata na faiche beidh cliath fiche banlámh ar fad, í déanta d'ábhar gorm agus corcra agus craorag, agus de línéadach mín cas agus gréasadh d'obair shnáthaide ann; beidh ceithre pholla lena gceithre ceapa aici.

17. Beidh na pollaí go léir timpeall na faiche dlúite le chéile le bataí airgid; beidh a naisc d'airgead agus a gceapa de chré-umha.

18. Beidh an fhaiche céad banlámh ar fad, leathchéad ar leithead, agus cúig bhanlámh ar airde; beidh a brait de línéadach mín cas agus a ceapa de chré-umha.

19. Gréithe uile an taibearnacail, is cuma cad is feidhm dóibh, a phionnaí go léir agus pionnaí na faiche, beidh siad de chré-umha.”

20. “Tabharfaidh tú ordú do chlann Iosrael go dtabharfaidh siad duit ola ológ ghlan fháiscthe don solas i dtreo go mbeidh lampa ann le bheith ar lasadh i gcónaí.

21. Beidh Árón is a chlann mhac ina fheighil ó nóin go maidin gan stad, i láthair an Tiarna i dTaibearnacal na Teagmhála taobh amuigh den fhial atá os comhair na Fianaise. Beidh sin ina reacht le coimeád ó ghlúin go glúin ag clann Iosrael.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 27