1. “Déanfaidh tú altóir d'adhmad sitím, cúig bhanlámh ar fad, agus cúig bhanlámh ar leithead; beidh an altóir cearnógach agus beidh sí trí bhanlámh ar airde.
2. Déanfaidh tú beanna dá ceithre cuinní; beidh na beanna d'aon phíosa léi; cumhdóidh tú í le cré-umha.
3. Déanfaidh tú miasa le breith ar a luaithreach, agus liacha, agus báisíní, agus gabhla, agus oighinn; de chré-umha a dhéanfaidh tú soithí uile na haltóra.
4. Déanfaidh tú gráta di de chliath chré-umha, agus ceithre fáinní cré-umha ag ceithre cúinní na cléithe.
5. Cuirfidh tú í faoi fhargán na haltóra i dtreo go sínfidh an chliath leath slí suas ar an altóir.