Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 26:3-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Ceanglófar cúig bhrat le chéile, agus mar an gcéanna leis an gcúig bhrat eile.

4. Cuirfidh tú lúba d'ábhar gorm ar imeall an bhrait deiridh de shraith díobh agus mar an gcéanna leis an imeall ar an mbrat deiridh den tsraith eile.

5. Cuirfidh tú leathchéad lúb ar an gcéad bhrat, agus leathchéad lúb, ag teacht leo ceann ar cheann, ar imeall an bhrait deiridh sa dara sraith.

6. Déanfaidh tú leathchéad nasc óir chun na brait a cheangal le chéile chun go mba aonad dlúth é an taibearnacal.”

7. “Déanfaidh tú brait d'fhionnadh gabhair chun both a chur os cionn an taibearnacail; aon bhrat déag a dhéanfaidh tú.

8. Beidh gach brat tríocha banlámh ar fhad agus ceithre bhanlámh ar leithead: bíodh an t‑aon bhrat déag den aon mhiosúr.

9. Ceanglóidh tú cúig bhrat le chéile leo féin agus na sé cinn eile leo féin; an séú ceann déanfaidh tú é a fhilleadh faoi dhó ag béal na botha.

10. Cuirfidh tú leathchéad lúb ar imeall an bhrait is sia amach ar an gcéad sraith díobh agus leathchéad lúb ar imeall an bhrait is sia amach ar an tsraith eile.

11. Agus déanfaidh tú leathchéad nasc cré-umha agus na naisc a chur sna lúba agus an bhoth a dhlúthú le chéile ina haon.

12. An fuíoll de bhrait na botha, leath an bhrait bhreise a bheidh fágtha, crochfar os cionn cúil an taibearnacail é.

13. An bhanlámh bhreise ar gach taobh ar feadh brait na botha, crochfaidh sí thar chliatháin an taibearnacail, á chlúdach ón dá thaobh.

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 26