Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 26:24-37 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

24. Déanfar na frámaí seo a cheangal le chéile ag a mbonn thíos agus mar sin suas go buaic, go dtí airde an chéad fháinne; mar sin a bheidh ag an dá fhráma a bheidh mar dhá chúinne.

25. Beidh, dá réir sin, ocht bhfráma lena sé mhoirtís déag airgid - dhá mhoirtís faoin gcéad fhráma agus mar sin de.”

26. “Déanfaidh tú trasnáin d'adhmad sitím; cúig trasnáin do na frámaí ar thaobh den taibearnacal,

27. agus cúig cinn do na frámaí ar an taobh eile, an taobh thiar den taibearnacal.

28. An trasnán meánach leath slí suas ar na frámaí, rachaidh sé ó cheann ceann.

29. Cumhdaigh na frámaí d'ór agus cuir fáinní óir orthu mar ghreim do na trasnáin; agus cumhdaigh na trasnáin d'ór.

30. Tógfaidh tú an taibearnacal de réir an phatrúin de a taispeánadh duit ar an sliabh.”

31. “Déanfaidh tú fial d'ábhar gorm, agus corcra agus craorag, agus de línéadach cas mín, agus ceiribíní fuaite le barr slachta ar an ábhar á dhéanamh.

32. Crochfaidh tú é ar cheithre pollaí d'adhmad sitím arna gcumhdach d'ór, le naisc óir agus iad luite i gceithre mhoirtís airgid.

33. Crochfaidh tú an fial ó na naisc agus ansiúd ar chúl an fhéil cuirfidh tú áirc na Fianaise agus beidh an fial agat mar dheighilt idir an áit naofa agus an áit shárnaofa.

34. Cuirfidh tú cathaoir na trocaire ar bharr na háirce istigh san áit shárnaofa.

35. Cuirfidh tú an bord taobh amuigh den fhial, agus an coinnleoir ar an taobh theas den taibearnacal, os comhair an bhoird sall. Cuirfidh tú an bord ar an taobh thuaidh.

36. Déanfaidh tú scáthlán do dhoras an taibearnacail, d'ábhar gorm, corcra, agus craorag, agus de linéadach cas mín, agus gréasadh snáthaide mar mhaise air.

37. Agus déanfaidh tú cúig pollaí sitím don scáthlán, agus cumhdóidh tú iad le hór, agus beidh naisc óir orthu; déanfaidh tú cúig ceapa cré-umha a theilgean dóibh.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 26