Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 25:24-36 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

24. Cumhdóidh tú é le hór fíre agus cuirfidh tú múnláil óir mórthimpeall air.

25. Cuirfidh tú teanntóga, lámh ar leithead, faoi mórthimpeall agus múnláil óir orthu.

26. Déanfaidh tú ceithre fáinní óir dó agus na fáinní a ghreamú de na ceithre cuinní mar a mbíonn na cosa.

27. Ní foláir na fáinní a bheith i gcóngar na dteanntóg d'fhonn na cuaillí a choimeád chun an bord a iompar.

28. D'adhmad sitím a dhéanfaidh tú na cuaillí agus cludóidh tú iad le hór, agus is leo a iomprófar an bord.

29. Na miasa agus na humair thúise, na cuacha agus na crúscaí d'íobairtí doirte, a dhéanfaidh tú dó, d'ór fíre a dhéanfaidh tú iad.

30. Agus ar an mbord os mo chomhair leagfaidh tú arán na láithreachta i gcónaí.”

31. “Déanfaidh tú coinnleoir d'ór fíre, agus ní foláir an coinnleoir, idir bhonn agus chrann, a bheith d'obair bhuailte, agus a chupáin, idir chailís agus bheangáin, d'aon phíosa leis.

32. Caithfidh sé ghéag a bheith amach as a chliatháin, trí ghéag den choinnleoir as taobh de agus trí ghéag as taobh eile.

33. Ní foláir trí cupáin a bheith ar an gcéad ghéag ar dhéanamh dhuilliúr na halmóinne, gach ceann lena chailís agus lena bheangáin; ní foláir trí cupáin chomh maith a bheith ar an dara géag ar dhéanamh dhuilliúr na halmóinne, gach ceann lena chailís agus lena bheangáin; mar an gcéanna leis na sé géaga amach as an gcoinnleoir.

34. Ní foláir ceithre cupáin ar dhéanamh duilliúr na halmóinne a bheith ar an gcoinnleoir féin, gach ceann lena chailís is a bheangáin:

35. mar seo - cailís faoin gcéad dá ghéag as an gcoinnleoir amach, ceann faoin gcéad chúpla eile, agus ceann faoin gcúpla deiridh, ag teacht leis na sé géaga as an gcoinnleoir amach.

36. Ní foláir na cailísí agus na géaga a bheith d'aon phíosa leis an gcoinnleoir, agus an t‑iomlán a bheith ina aon phíosa de obair bhuailte óir fíre.

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 25