Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 25:13-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Déanfaidh tú cuaillí de chrann sitím agus cumhdóidh tú iad d'ór.

14. Cuirfidh tú na cuaillí sna fáinní ar thaobhanna na háirce, chun an áirc a iompar leo.

15. Ní foláir na cuaillí a fhágáil i bhfáinní na háirce, agus gan iad a thógáil chun siúil.

16. Cuirfidh tú isteach san áirc an Fhianaise a thabharfaidh mé duit.

17. Déanfaidh tú cathaoir thrócaire d'ór fíre; beidh sí dhá bhanláimh go leith ar a fad, agus banlámh go leith ar leithead.

18. Do dhá cheann na cathaoireach déanfaidh tú dhá cheiribín óir; ór buailte a bheidh ina ndéantús.

19. Déanfaidh tú ceiribín do cheann agus an ceiribín eile don cheann eile, agus greamóidh tú iad de dhá cheann chathaoir na trócaire i dtreo gur aon phíosa léi iad.

20. Leathadh na ceiribíní a sciatháin amach in airde i dtreo go mbeidh cathaoir na trócaire faoina scáth; tabharfaidh na ceiribíní aghaidh ar a chéile agus a n‑aighthe i dtreo chathaoir na trócaire.

21. Cuirfidh tú cathaoir na trocaire ar bharr na háirce, agus isteach san áirc cuirfidh tú an Fhianaise a thabharfaidh mé duit.

22. Ansiúd a bhuailfidh mé leat agus ó lastuas de chathaoir na trócaire, ó idir an dá cheiribín ar áirc na Fianaise, labhróidh mé leat agus tabharfaidh mé duit m'aitheanta uile do chlann Iosrael. ”

23. “Déanfaidh tú mar an gcéanna bord d'adhmad sitím, dhá bhanláimh ar fad, banlámh ar leithead agus banlámh go leith ar airde.

24. Cumhdóidh tú é le hór fíre agus cuirfidh tú múnláil óir mórthimpeall air.

25. Cuirfidh tú teanntóga, lámh ar leithead, faoi mórthimpeall agus múnláil óir orthu.

26. Déanfaidh tú ceithre fáinní óir dó agus na fáinní a ghreamú de na ceithre cuinní mar a mbíonn na cosa.

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 25