Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 25:1-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Labhair an Tiarna le Maois á rá:

2. “Abair le clann Iosrael ofráil a chur i leataobh dom; glacfaidh sibh síntiús dom ó gach duine a ndeir a chroí leis é a thabhairt.

3. Seo é an síntiús a thógfaidh sibh uathu: ór agus airgead agus cré-umha,

4. agus ábhar gorm agus corcra agus craorag, agus línéadach mín cas, agus fionnadh gabhair,

5. agus craicne leasaithe reithe, agus craicne gabhair, agus adhmad sitím,

6. agus ola do na lampaí, spíosraí don chriosma agus don túis dhea-bholaidh,

7. agus clocha oinisce agus geamaí le cur san éafód agus sa lúireach.

8. Agus déanaidís sanctóir dom go lonnaí mé ina measc.

9. Ag déanamh an taibearnacail agus a throscáin go léir daoibh, ní foláir daoibh é a dhéanamh de réir an phatrúin a thaispeánfaidh mé duit. ”

10. “Déanfaidh siad áirc d'adhmad sitím, bíodh sí dhá bhanláimh go leith ar fad, banlámh go leith ar leithead agus banlámh go leith ar airde.

11. Cumhdaigh í d'ór fíre lasmuigh agus laistigh, agus cuirfidh tú múnláil óir mórthimpeall uirthi.

12. Déanfaidh tú ceithre fháinne óir a theilgean, agus cuirfidh tú faoina ceithre cosa iad - dhá fháinne ar thaobh agus dhá fháinne ar thaobh eile.

13. Déanfaidh tú cuaillí de chrann sitím agus cumhdóidh tú iad d'ór.

14. Cuirfidh tú na cuaillí sna fáinní ar thaobhanna na háirce, chun an áirc a iompar leo.

15. Ní foláir na cuaillí a fhágáil i bhfáinní na háirce, agus gan iad a thógáil chun siúil.

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 25