Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 24:2-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Maois amháin a thiocfaidh i gcóngar an Tiarna, agus ní thiocfaidh an chuid eile, agus ní thiocfaidh an pobal aníos fairis.”

3. Tháinig Maois agus d'aithris sé don phobal aitheanta uile an Tiarna agus a reachtanna uile. D'fhreagair an pobal go léir d'aonghuth: “Na haitheanta go léir a thug an Tiarna, déanfaimid iad a chomhlíonadh.”

4. Agus chuir Maois aitheanta uile an Tiarna i scríbhinn agus d'éirigh sé go moch lá arna mhárach agus thóg sé altóir faoi bhun an tsléibhe, le dhá ghallán déag do dhá threibh déag Iosrael.

5. Agus threoraigh sé ógánaigh de phobal Iosrael i mbun ofrálacha loiscthe agus síochána de dhaimh don Tiarna.

6. Agus thóg Maois leath na fola agus chuir i miasa í, agus dhoirt sé an leath eile ar an altóir.

7. Ansin thóg sé leabhar an chonartha, agus léigh é i gcomhchlos an phobail, agus dúirt siad: “Na haitheanta go léir a thug an Tiarna, déanfaimid iad a chomhlíonadh, agus beimid umhal.”

8. Ansin thóg Maois an fhuil agus chroith ar an bpobal í, agus dúirt: “Seo fuil an chonartha a rinne an Tiarna libh de réir na mbriathra seo go léir.”

9. Ansin ghabh Maois suas, agus Árón agus Nádáb agus Aibíchiú agus deichniúr agus trí fichid de sheanóirí Iosrael,

10. agus chonaiceadar Dia Iosrael, agus faoina chosa bhí mar a bheadh páváil saifíre, agus í mar neamh féin ar ghile.

11. Níor leag sé lámh ar na huaisle seo de phobal Iosrael; d'fhéachadar ar Dhia; d'itheadar agus d'óladar.

12. Dúirt an Tiarna le Maois: “Tar aníos chugam ar an sliabh, agus fan ann fad bheidh mé ag tabhairt na leaca cloiche duit, leis an dlí agus na haitheanta, a scríobh mé lena dteagasc.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 24