Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 24:13-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. D'éirigh Maois dá bhrí sin agus a shearbhónta Iósua, agus suas faoi shliabh Dé le Maois.

14. Dúirt sé leis na seanóirí: “Fanaigí anseo liom go bhfillfimid ar ais chugaibh; agus seo iad Árón agus Húr agaibh, agus má bhíonn caingean ag aon duine le réiteach, téadh sé chucu.”

15. Ansin ghabh Maois faoin sliabh suas agus chlúdaigh an néal an sliabh.

16. Luigh glóir an Tiarna ar Shliabh Shíonái; ar feadh sé lá chlúdaigh an néal é, agus ar an seachtú lá ghlaoigh an Tiarna ar Mhaois ó lár an néil.

17. Bhí dealramh ghlóir an Tiarna mar thine loiscneach ar mhullach an tsléibhe os comhair súile chlann Iosrael.

18. Isteach i gceartlár an néil le Maois. Ghabh Maois an sliabh suas agus d'fhan ann daichead lá agus daichead oíche.

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 24