Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 23:5-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Má fheiceann tú asal fear d'fhuatha ar lár faoina ualach, in áit é a sheachaint, téigh i gcabhair air á thógáil.

6. Ná déan éigean ar chearta aon bhochtáin libh ina chaingean.

7. I bhfad uait aon chúis bhréagach, agus ná cuir chun báis an fíréan ionraic óir ní scaoilfidh mise saor an ciontach.

8. Ná glac breab, óir dallann breab daoine géara, agus milleann sí cúis na n‑ionraic.

9. Ná déan leatrom ar an deoraí; is aithnid duit croí an deoraí, óir ba dheoraithe sibh i dtír na hÉigipte.

10. Cuir d'fhearann ar feadh sé bliana, agus cruinnigh a fhómhar,

11. ach an seachtú bliain fág ina bhranar é gan saothrú, i dtreo go bhféadfaidh bochta do phobail bia a fháil uaidh, agus go bhféadfaidh na hainmhithe allta a bhfuílleach a bheith acu mar bhia. Déan mar an gcéanna leis an bhfíonghort agus leis an doire ológ.

12. Ar feadh sé lá déan do chuid oibre, ach ar an seachtú lá scoir di i dtreo go mbeidh sos ag d'asal agus ag do dhamh, agus go mbeidh sámhnas ag mac do dhaoirsí agus ag an eachtrannach.

13. Tabhair aird ar a bhfuil ráite agam leat, agus ná haithris ainmneacha déithe eile agus nach mó a chluintear as do bhéal iad.

14. Beidh féilte agat trí huaire sa bhliain i m'onóir.

15. Ceiliúir féile an tslimaráin; ith arán slim, mar a d'aithin mé duit, ar feadh seacht lá ag an am a ceapadh i mí Áibíb, óir is sa mhí sin a tháinig tú as an Éigipt. Ná tagadh aon duine i mo láthair gan ní éigin ina láimh.

16. Coimeád féile an fhómhair freisin, féile nús do shaothair - nús a mbeidh curtha agat i do ghoirt - agus féile an chlabhsúir i ndeireadh na bliana nuair a bheidh toradh do shaothair cruinnithe agat de na goirt.

17. Trí huaire sa bhliain, caithfidh do chuid fear uile teacht i láthair an Tiarna Dia.

18. Ná hofráil fuil m'íobarthaigh fara arán gabháilte, agus ná fág méith íobarthaigh mo fhéile go lá arna mhárach.

19. Tabhair togha céadtorthaí do ithreach go teach an Tiarna, do Dhia. Ná déan meannán a bhruith i mbainne a mháthar.

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 23