26. I do thír ní scarfaidh bean lena leanbh ná ní bheidh aon aimrid ann; comhlíonfaidh mé líon do laethanta.
27. Seolfaidh mé m'uafás romhat, agus cuirfidh mé corrabhuais ar na daoine go léir a dtiocfaidh tú ina n‑aghaidh, agus cuirfidh mé do naimhde go léir ag casadh agus ag teitheadh romhat.
28. Seolfaidh mé cearnabháin romhat a thiomáinfidh an Hiveach agus an Canánach agus an Hiteach amach ó do láthair.
29. Ní thiomáinfidh mé amach ó do láthair iad in aon bhliain amháin d'fhonn nach ndéanfadh fásach den talamh agus go rachadh na hainmhithe allta i líonmhaire oraibh.
30. Beagán ar bheagán is ea a thiomáinfidh mé amach iad ó do láthair, go dté tú i líonmhaire agus i seilbh na talún.
31. Is iad na teorainneacha a leagfaidh mé síos duit: ó Mhuir na nGiolach go Muir na bhFilistíneach, agus ón bhfásach go dtí an Abhainn; cuirfidh mé lucht áitrithe na tíre faoi bhur láimh agus tiomáinfidh sibh romhaibh amach iad.
32. Ná déan conradh ar bith leo, ná lena ndéithe.
33. Ná déanaidís cónaí i do thír le heagla go gcuirfidís d'iallach ort peaca a dhéanamh i m'aghaidh agus go dtabharfá adhradh dá ndéithe agus go deimhin ba ghaiste duit sin.”