Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 23:23-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

23. Nuair a rachaidh m'aingeal romhat agus tú a thabhairt isteach chun na nAmórach agus na Hiteach, na bPirizeach agus na gCanánach, na Hiveach agus na Iabúsach, scriosfaidh mé iad.

24. Ná sléacht dá ndéithe, ná fónamh dóibh, ná déanamh mar iad, ach scrios ar fad iad agus bris a ngalláin ina smidiríní.

25. Déanaigí seirbhís don Tiarna bhur nDia agus cuirfidh mé beannacht ar d'arán agus ar d'uisce agus tógfaidh mé an easláinte chun siúil uait amach.

26. I do thír ní scarfaidh bean lena leanbh ná ní bheidh aon aimrid ann; comhlíonfaidh mé líon do laethanta.

27. Seolfaidh mé m'uafás romhat, agus cuirfidh mé corrabhuais ar na daoine go léir a dtiocfaidh tú ina n‑aghaidh, agus cuirfidh mé do naimhde go léir ag casadh agus ag teitheadh romhat.

28. Seolfaidh mé cearnabháin romhat a thiomáinfidh an Hiveach agus an Canánach agus an Hiteach amach ó do láthair.

29. Ní thiomáinfidh mé amach ó do láthair iad in aon bhliain amháin d'fhonn nach ndéanfadh fásach den talamh agus go rachadh na hainmhithe allta i líonmhaire oraibh.

30. Beagán ar bheagán is ea a thiomáinfidh mé amach iad ó do láthair, go dté tú i líonmhaire agus i seilbh na talún.

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 23