Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 23:2-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Ná gabh ar thaobh an mhóráirimh i gcúis éagórach agus ná claon leis an slua agus fianaise a thabhairt in aghaidh na córa.

3. Ná claon an bhreith ar son an bhochtáin i gcúis dlí.

4. Má bhuaileann tú le damh nó le hasal do namhad ag dul amú, tabhair ar ais chuige é.

5. Má fheiceann tú asal fear d'fhuatha ar lár faoina ualach, in áit é a sheachaint, téigh i gcabhair air á thógáil.

6. Ná déan éigean ar chearta aon bhochtáin libh ina chaingean.

7. I bhfad uait aon chúis bhréagach, agus ná cuir chun báis an fíréan ionraic óir ní scaoilfidh mise saor an ciontach.

8. Ná glac breab, óir dallann breab daoine géara, agus milleann sí cúis na n‑ionraic.

9. Ná déan leatrom ar an deoraí; is aithnid duit croí an deoraí, óir ba dheoraithe sibh i dtír na hÉigipte.

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 23