Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 23:16-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. Coimeád féile an fhómhair freisin, féile nús do shaothair - nús a mbeidh curtha agat i do ghoirt - agus féile an chlabhsúir i ndeireadh na bliana nuair a bheidh toradh do shaothair cruinnithe agat de na goirt.

17. Trí huaire sa bhliain, caithfidh do chuid fear uile teacht i láthair an Tiarna Dia.

18. Ná hofráil fuil m'íobarthaigh fara arán gabháilte, agus ná fág méith íobarthaigh mo fhéile go lá arna mhárach.

19. Tabhair togha céadtorthaí do ithreach go teach an Tiarna, do Dhia. Ná déan meannán a bhruith i mbainne a mháthar.

20. Féach, cuirim aingeal romhat do do choimhéad ar an tslí, agus do do thabhairt chun ha háite a d'ullmhaigh mé.

21. Tabhair aird air agus éist lena ndeir sé. Ná bí easumhal dó mar ní mhaithfeadh sé a leithéid de locht, óir tá m'ainm ann.

22. Má éisteann tú go cáiréiseach lena ghuth, agus gach a ndeirimse a dhéanamh, beidh mé i mo namhaid ag do naimhde, agus i mo eascara ag d'eascairde.

23. Nuair a rachaidh m'aingeal romhat agus tú a thabhairt isteach chun na nAmórach agus na Hiteach, na bPirizeach agus na gCanánach, na Hiveach agus na Iabúsach, scriosfaidh mé iad.

24. Ná sléacht dá ndéithe, ná fónamh dóibh, ná déanamh mar iad, ach scrios ar fad iad agus bris a ngalláin ina smidiríní.

25. Déanaigí seirbhís don Tiarna bhur nDia agus cuirfidh mé beannacht ar d'arán agus ar d'uisce agus tógfaidh mé an easláinte chun siúil uait amach.

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 23