Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 23:12-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Ar feadh sé lá déan do chuid oibre, ach ar an seachtú lá scoir di i dtreo go mbeidh sos ag d'asal agus ag do dhamh, agus go mbeidh sámhnas ag mac do dhaoirsí agus ag an eachtrannach.

13. Tabhair aird ar a bhfuil ráite agam leat, agus ná haithris ainmneacha déithe eile agus nach mó a chluintear as do bhéal iad.

14. Beidh féilte agat trí huaire sa bhliain i m'onóir.

15. Ceiliúir féile an tslimaráin; ith arán slim, mar a d'aithin mé duit, ar feadh seacht lá ag an am a ceapadh i mí Áibíb, óir is sa mhí sin a tháinig tú as an Éigipt. Ná tagadh aon duine i mo láthair gan ní éigin ina láimh.

16. Coimeád féile an fhómhair freisin, féile nús do shaothair - nús a mbeidh curtha agat i do ghoirt - agus féile an chlabhsúir i ndeireadh na bliana nuair a bheidh toradh do shaothair cruinnithe agat de na goirt.

17. Trí huaire sa bhliain, caithfidh do chuid fear uile teacht i láthair an Tiarna Dia.

18. Ná hofráil fuil m'íobarthaigh fara arán gabháilte, agus ná fág méith íobarthaigh mo fhéile go lá arna mhárach.

19. Tabhair togha céadtorthaí do ithreach go teach an Tiarna, do Dhia. Ná déan meannán a bhruith i mbainne a mháthar.

20. Féach, cuirim aingeal romhat do do choimhéad ar an tslí, agus do do thabhairt chun ha háite a d'ullmhaigh mé.

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 23